Corpoideachas

Léargas Ginearálta ar Chorpoideachas na Sraithe Sóisearaí

Léirithe Spéise ó mhúinteoirí Corpoideachais na Sraithe Sóisearaí 

Fáiltíonn CNCM roimh léirithe spéise ó mhúinteoirí Corpoideachais na Sraithe Sóisearaí iar-bhunscoile ar mhaith leo a bheith páirteach i Líonra Chorpoidachais. 

 Tá sonraíocht nua Corpoideachais 135 uair an chloig don tSraith Shóisearach á tabhairt isteach do dhaltaí na chéad bhliana i Meán Fómhair 2023. Tá Líonra Corpoideachais na Sraithe Sóisearaí á thionól ag an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM). Is é cuspóir an líonra seo léargas a fháil ar achtú na sonraíochta nua ar fud na n-iar-bhunscoileanna. Tá béim ar leith ar mheasúnú in Corpoideachais, pleanáil don teagasc agus don fhoghlaim, agus samplaí cleachtais a bhailiú. 

Beidh 6 - 8 scoil ar an líonra. Iarrfar ar scoileanna gealltanas a thabhairt go mbeidh siad páirteach ar feadh trí bliana. Beidh an t-aiseolas ón líonra mar bhonn eolais do chur i bhfeidhm Corpoideachais na Sraithe Sóisearaí.  
 
Is mór againn an luach agus an tábhacht a bhaineann le bheith ag obair go díreach le scoileanna chun tuairimí daltaí, múinteoirí agus ceannairí scoile a chloisteáil.  
 
Má tá suim agat páirt a ghlacadh san obair seo, comhlánaigh an fhoirm léirithe spéise seo roimh 5 p.m. Dé hAoine 29 Meán Fómhair.  

Déantar iniúchadh sa pháipéar cúlra agus sa tuarascáil chomhairliúcháin do Chorpoideachas na Sraithe Sóisearaí ar fhorbairt an ábhair sa tsraith shóisearach; leagtar béim ar dhea-chleachtas sa bhaile agus thar lear; agus úsáidtear taighde bunaithe ar fhianaise mar bhonn agus mar thaca d’athbhreithniú na sonraíochta.

Doiciméad Eolais agus Treoir don Athbhreithniú ar Chorpoideachas na Sraithe Sóisearaí

Tuarascáil Chomhairliúcháin maidir leis an gCáipéis Eolais agus Treoir le haghaidh athbhreithniú agus athfhorbairt an Chorpoideachais sa tSraith Shóisearach