Eacnamaíocht Bhaile

Forbraítear in Eacnamaíocht Bhaile na Sraithe Sóisearaí eolas, tuiscint, scileanna agus luachanna atá riachtanach chun maireachtáil barrmhaith, fholláin agus inbhuanaithe a bhaint amach do gach duine mar dhuine aonair, agus mar bhall de theaghlaigh agus den tsochaí.

Tá an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) ag tabhairt faoi athbhreithnithe ar chur i bhfeidhm luath sonraíochtaí Sraithe Sóisearaí ábhair na Staire, na hEacnamaíochta Baile, na Tíreolaíochta, na Mhatamaitic agus an Cheoil (Céim 4). Tá roinnt gnéithe ag baint leis an gcomhairliúchán, lena n-áirítear aighneachtaí i scríbhinn, suirbhé do mhúinteoirí agus gné amháin atá bunaithe ar scoil. Teastaíonn ó CNCM tuairimí a fháil ó réimse páirtithe, lena n-áirítear páirtithe leasmhara oideachais, múinteoirí atá ag cleachtadh a ngairme agus scoláirí ar spéis leo cur leis an athbhreithniú ar chur i bhfeidhm luath seo.

Is é cuspóir an athbhreithnithe seo ná aiseolas a bhailiú ó bhainistíocht scoile, ó mhúinteoirí/oideoirí, agus ó pháirtithe leasmhara maidir le taithí ar na hábhair seo agus na socrúcháin mheasúnaithe a bhaineann leo i scoileanna.

Is féidir leat páirt a ghlacadh sa chomhairliúchán seo tríd an suirbhé ar líne a chomhlánú.

Suirbhé ar Líne

Is féidir leat páirt a ghlacadh sa chomhairliúchán seo trí aighneacht i scríbhinn a chur isteach ag baint úsáid as an teimpléad seo.

Teimpléad Aighneachtaí Scríofa

Seol an aighneacht i scríbhinn agus é críochnaithe agat ar ríomhphost chuig consultations@ncca.ie le do thoil agus cuir "SS Céim 4 Athbhreithniú ar Chur i bhFeidhm Luath (Ainm an Ábhair) Aighneacht i Scríbhinn" i líne an ábhair.

Déanfar anailís ar an aiseolas go léir agus foilseofar tuarascáil ar Chur i bhFeidhm Luath.

Cuirfear deireadh leis an bpróiseas athbhreithnithe seo Déardaoin an 29 Feabhra ag 5 in.

Tabharfar isteach sonraíocht nua le haghaidh Eacnamaíocht Bhaile na Sraithe Sóisearaí i mí Mheán Fómhair 2018. Forbraíonn Eacnamaíocht Bhaile scileanna praiticiúla an scoláire maidir le hinniúlacht i gcúrsaí bia agus sláinte agus cinntí eolasacha a dhéanamh a mbeidh tionchar dearfach acu ar a shláinte agus a fholláine. Cothaíonn sé acmhainneacht, nuálaíocht, inoiriúnaitheacht agus inniúlacht an scoláire mar thomhaltóir. Forbraíonn sé scileanna dearaidh agus teicstílí cruthaitheacha an scoláire. Cuireann sé ar chumas an scoláire bheith meabhrach ar an gcomhshaol agus dírithe ar shaol inbhuanaithe freagrach a chaitheamh.

Beidh feidhm le siollabas Eacnamaíocht Bhaile an Teastais Shóisearaigh do scoláirí a rachaidh isteach sa chéad bhliain roimh Mheán Fómhair 2018.

I gcás scoláirí a bheidh ag dul isteach sa chéad bhliain i mí Mheán Fómhair 2018 nó ina dhiaidh sin beidh feidhm le sonraíocht Eacnamaíocht Bhaile na Sraithe Sóisearaí. Is féidir féachaint ar an dá cheann anseo.

Tabharfar isteach an tsonraíocht nua le haghaidh Eacnamaíocht Bhaile na Sraithe Sóisearaí i scoileanna i mí Mheán Fómhair 2018. Cuireadh tús le forbairt na sonraíochta i Márta 2016.

Déantar iniúchadh sa pháipéar cúlra d’Eacnamaíocht Bhaile na Sraithe Sóisearaí ar fhorbairt an ábhair sa tsraith shóisearach; leagtar béim ar dhea-chleachtas sa bhaile agus thar lear; agus úsáidtear taighde bunaithe ar fhianaise mar bhonn agus mar thaca d’athbhreithniú na sonraíochta.

Tá ionadaithe sa Ghrúpa Forbartha Eacnamaíocht Bhaile ó réimse páirtithe leasmhara oideachais, lena n-áirítear comhlachtaí múinteoirí agus bainistíochta, an Roinn Oideachais agus Scileanna, agus Coimisiún na Scrúduithe Stáit.

Forbraíodh dréachtsonraíocht do Eacnamaíocht Bhaile na Sraithe Sóisearaí ó mhí Bealtaine 2016 – Márta 2017. Tá an dréachtsonraíocht ar fáil anseo.

Beidh feidhm le siollabas Eacnamaíocht Bhaile an Teastais Shóisearaigh do scoláirí a rachaidh isteach sa chéad bhliain roimh Mheán Fómhair 2018. Íoslódáil ár mBileog Fíricí le haghaidh Eacnamaíocht Bhaile an Teastais Shóisearaigh anseo.