Eolaíocht

Is dícheall comhoibríoch cruthaitheach daonna í an eolaíocht a eascraíonn as ár mian an domhan thart orainn agus an chruinne níos fairsinge a thuiscint. Dírítear in Eolaíocht na Sraithe Sóisearaí ar chroí-choinceapa na heolaíochta a fhoghlaim agus ag an am céanna foghlaim faoi bheith ag obair mar eolaí.

Is é an aidhm atá leis an eolaíocht tuiscint fhianaise-bhunaithe an scoláire ar an domhan nádúrtha a fhorbairt maille lena chumas chun fianaise a bhailiú agus a mheasúnú; a scileanna chun obair eolaíoch a dhéanamh a dhaingniú agus a dhoimhniú; go mbeadh sé níos féinfheasaí mar fhoghlaimeoir agus go n-éireodh sé níos inniúla agus níos muiníne ina chumas féin chun an eolaíocht a úsáid agus a chur i bhfeidhm ina shaol laethúil.

Tá sonraíocht d’Eolaíocht na Sraithe Sóisearaí, na Treoirlínte Measúnaithe agus Samplaí Oibre ar fáil anseo.

I gcomhréir leis an gCreat don tSraith Shóisearach (2015), tugadh sonraíocht nua ábhair isteach le haghaidh Eolaíocht agus Staidéar Gnó na Sraithe Sóisearaí i Meán Fómhair 2016 mar chuid de Chéim2 de thabhairt isteach na sonraíochtaí nua ábhair. Thug an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) faoi athbhreithniú ar an léargas luath idir Deireadh Fómhair agus Nollaig 2019 chun aiseolas a bhailiú agus chun na nithe seo a leanas a mheas agus a fhiosrú:

  • an chaoi a bhfuil ag éirí leis na sonraíochtaí an fhoghlaim lena bhfuiltear ag súil sna hábhair sin agus sa Chreat don tSraith Shóisearach go ginearálta a chur chun cinn
  • gnéithe measúnaithe de na hábhair agus tuairimí na scoláirí agus na múinteoirí orthu
  • conas a úsáideann múinteoirí breithiúnas gairmiúil d’fhonn an tsonraíocht nua a stiúradh sna scoileanna agus sna seomraí ranga.

Tuarascáil ar chur i bhfeidhm luath Staidéar Gnó agus Eolaíocht na Sraithe Sóisearaí

Tugadh isteach sonraíocht Eolaíocht na Sraithe Sóisearaí i scoileanna i mí Mheán Fómhair 2017. Cuireadh tús le forbairt na sonraíochta i mí na Samhna 2013.

Déantar iniúchadh sa pháipéar cúlra, sa mheasúnú neamhspleách agus sa tuarascáil chomhairliúcháin d’Eolaíocht na Sraithe Sóisearaí ar fhorbairt an ábhair sa tsraith shóisearach; leagtar béim ar dhea-chleachtas sa bhaile agus thar lear; agus úsáidtear taighde bunaithe ar fhianaise mar bhonn agus mar thaca d’athbhreithniú na sonraíochta.

Tá ionadaithe i nGrúpa Forbartha na hEolaíochta ó réimse páirtithe leasmhara oideachais, lena n-áirítear comhlachtaí múinteoirí agus bainistíochta, an Roinn Oideachais agus Scileanna, agus Coimisiún na Scrúduithe Stáit. Is féidir teacht ar thuarascálacha ó chruinnithe an ghrúpa forbartha anseo.

Forbraíodh dréachtsonraíocht d’Eolaíocht na Sraithe Sóisearaí ó mhí na Samhna 2013 - Márta 2015. Tá an dréachtsonraíocht agus an tuarascáil chomhairliúcháin ar fáil anseo.

 Tá ceisteanna samplacha don Eolaíocht le fáil anseo.

Eolaíocht na Sraithe Sóisearaí: Ceisteanna Samplacha

Féach ar thuras Sonraíocht Eolaíocht na Sraithe Sóisearaí anseo.