Oideachas Reiligiúnach

Dírítear in Oideachas Reiligiúnach na Sraithe Sóisearaí ar eolas, tuiscint, scileanna, meonta agus luachana a fhorbairt chun a chur ar chumas an aosa óig tuiscint a fháil ar reiligiún agus ar a shuntasacht sa saol, i gcaidrimh, sa tsochaí agus sa domhan trí chéile. Tá an cúrsa seo bunaithe ar thrí shnáithe idirnasctha: Creidimh a fhiosrú, Ceisteanna a fhiosrú, agus Ár luachanna i mbun gnímh.

Tá an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) ag tabhairt faoi athbhreithnithe ar chur i bhfeidhm luath sonraíochtaí Sraithe Sóisearaí ábhar Oideachas Reiligiúin (Céim 5). Tá roinnt gnéithe ag baint leis an gcomhairliúchán, lena n-áirítear aighneachtaí i scríbhinn, suirbhé ar líne agus gné amháin atá bunaithe ar scoil. Teastaíonn ó CNCM tuairimí a fháil ó réimse páirtithe, lena n-áirítear páirtithe leasmhara oideachais, múinteoirí atá ag cleachtadh a ngairme agus scoláirí ar spéis leo cur leis an athbhreithniú ar chur i bhfeidhm luath seo.

Is é cuspóir an athbhreithnithe seo ná aiseolas a bhailiú ó bhainistíocht scoile, ó mhúinteoirí/oideoirí, ó scoláirí agus ó pháirtithe leasmhara maidir le taithí ar na hábhair seo agus na socrúcháin mheasúnaithe a bhaineann leo i scoileanna.

Is féidir leat páirt a ghlacadh sa chomhairliúchán seo tríd an suirbhé ar líne a chomhlánú.

Is féidir leat páirt a ghlacadh sa chomhairliúchán seo trí aighneacht i scríbhinn a chur isteach ag baint úsáid as an teimpléad seo.

Seol an aighneacht i scríbhinn agus é críochnaithe agat ar ríomhphost chuig consultations@ncca.ie le do thoil agus cuir "SS Céim 5 Athbhreithniú ar Chur i bhFeidhm Luath (Ainm an Ábhair) Aighneacht i Scríbhinn" i líne an ábhair.

Déanfar anailís ar an aiseolas go léir agus foilseofar tuarascáil ar Chur i bhFeidhm Luath.

Cuirfear deireadh leis an bpróiseas athbhreithnithe seo Dé hAoine an 21 Feabhra, 2025 ag 5 in.

Tá sé d’aidhm ag Oideachas Reiligiúnach na Sraithe Sóisearaí cumas an scoláire a fhorbairt chun ceisteanna brí, cuspóra agus caidreamh a fhiosrú, cabhrú leis an scoláire tuiscint, meas agus léirthuiscint a bheith aige do léiriú creideamh daoine eile, agus plé agus machnamh a éascú ar an éagsúlacht creideamh agus luachanna a chuireann bonn eolais faoi chinnteoireacht agus slite maireachtála freagracha.

I gcás scoláirí a bheidh ag dul isteach sa chéad bhliain i mí Mheán Fómhair 2018, beidh feidhm le siollabas Oideachas Reiligiúin (2000).

I gcás scoláirí a bheidh ag dul isteach sa chéad bhliain in 2019 nó ina dhiaidh, beidh feidhm leis an tsonraíocht nua don Oideachas Reiligiúnach. Cliceáil anseo le híoslódáil

Tabharfar isteach an tsonraíocht le haghaidh Oideachas Reiligiúnach na Sraithe Sóisearaí i scoileanna i mí Mheán Fómhair 2019. Cuireadh tús le forbairt na sonraíochta i mí na Bealtaine 2017.

Tá an cháipéis eolais d’Oideachas Reiligiúnach na Sraithe Sóisearaí agus an tuarascáil comhairliúcháin a chuir bonn eolais faoi fhorbairt na sonraíochta le fáil anseo

 Tá ainmnithe ó réimse páirtithe leasmhara oideachais i nGrúpa Forbartha an Oideachais Reiligiúnaigh. 

Is féidir teacht ar thuarascálacha ó chruinnithe an ghrúpa forbartha thíos.