Oideachas Reiligiúnach

Dírítear in Oideachas Reiligiúnach na Sraithe Sóisearaí ar eolas, tuiscint, scileanna, meonta agus luachana a fhorbairt chun a chur ar chumas an aosa óig tuiscint a fháil ar reiligiún agus ar a shuntasacht sa saol, i gcaidrimh, sa tsochaí agus sa domhan trí chéile. Tá an cúrsa seo bunaithe ar thrí shnáithe idirnasctha: Creidimh a fhiosrú, Ceisteanna a fhiosrú, agus Ár luachanna i mbun gnímh.

Tá sé d’aidhm ag Oideachas Reiligiúnach na Sraithe Sóisearaí cumas an scoláire a fhorbairt chun ceisteanna brí, cuspóra agus caidreamh a fhiosrú, cabhrú leis an scoláire tuiscint, meas agus léirthuiscint a bheith aige do léiriú creideamh daoine eile, agus plé agus machnamh a éascú ar an éagsúlacht creideamh agus luachanna a chuireann bonn eolais faoi chinnteoireacht agus slite maireachtála freagracha.

I gcás scoláirí a bheidh ag dul isteach sa chéad bhliain i mí Mheán Fómhair 2018, beidh feidhm le siollabas Oideachas Reiligiúin (2000).

I gcás scoláirí a bheidh ag dul isteach sa chéad bhliain in 2019 nó ina dhiaidh, beidh feidhm leis an tsonraíocht nua don Oideachas Reiligiúnach. Cliceáil anseo le híoslódáil

Tabharfar isteach an tsonraíocht le haghaidh Oideachas Reiligiúnach na Sraithe Sóisearaí i scoileanna i mí Mheán Fómhair 2019. Cuireadh tús le forbairt na sonraíochta i mí na Bealtaine 2017.

Tá an cháipéis eolais d’Oideachas Reiligiúnach na Sraithe Sóisearaí agus an tuarascáil comhairliúcháin a chuir bonn eolais faoi fhorbairt na sonraíochta le fáil anseo

 Tá ainmnithe ó réimse páirtithe leasmhara oideachais i nGrúpa Forbartha an Oideachais Reiligiúnaigh. 

Is féidir teacht ar thuarascálacha ó chruinnithe an ghrúpa forbartha thíos.