Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte (OSPS)

Tá curaclam nuashonraithe OSPS na Sraithe Sóisearaí ar fáil anois

Is é a d’eascair as athbhreithniú 2018-19 ar an Oideachas Caidrimh agus Gnéasachta (OCG) i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna, gur sainaithníodh mar phríomhthosaíocht an gá a bhí leis an gcuraclam a nuashonrú.

Tosaíodh ar an obair nuashonraithe seo le OSPS na Sraithe Sóisearaí. Cuireann cúrsa nuashonraithe OSPS 2023 na sraithe sóisearaí 100 uair an chloig d’fhoghlaim ar fáil (méadú ó 70 uair an chloig) thar thrí bliana na sraithe sóisearaí. Beidh scoláirí a chuireann tús lena gcéad bhliain i Meán Fómhair 2023 ag déanamh staidéar ar an tsonraíocht nuashonraithe (2023).

Sonraíocht Nuashonraithe OSPS na Sraithe Sóisearaí

  1. Sonraíocht Nuashonraithe Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte (OSPS) na Sraithe Sóisearaí (2023)
  2. Cur i láthair do thuismitheoirí agus chaomhnóirí
  3. Eolas do thuismitheoirí
  4. Nóta Faisnéise le haghaidh na Meán

Mar thaca faoin OSPS, tá acmhainní agus treoirlínte a thugann léargas do mhúinteoirí ar conas an tsonraíocht nuashonraithe a úsáid agus iad ag pleanáil le haghaidh teagaisc agus foghlama (féach na hUirlisí Úsáide thíos).

Tuarascáil ar an gComhairliúchán ar Dhréachtchuraclam OSPS na Sraithe Sóisearaí 

Bhí an dréachtsonraíocht faoi réir comhairliúchán poiblí (an 18 Iúil - an 18 Deireadh Fómhair, 2022). Tá achoimre ar an aiseolas ón gcomhairliúchán le fáil sa tuarascáil.

Dréachtshonraíocht Nuashonraithe OSPS na sraithe sóisearaí

Cáipéis Eolais OSPS na Sraithe Sóisearaí

Uirlisí Úsáide don Mhúinteoir

Chun rochtain a fháil ar na huirlisí úsáide ar líne a ceapadh chun tacú le múinteoirí ina rannpháirteachas leis an gcuraclam OSPS, cliceáil ar an nasc don earnáil iomchuí:

Uirlisí Úsáide OSPS Ar Líne don Mhúinteoir

Chun rochtain a fháil ar na huirlisí úsáide ar líne a thacaíonn le múinteoirí ina rannpháirteachas leis an gcuraclam OSPS, cliceáil ar na naisc thíos.

Ar iarratas ón Aire Oideachais, rinne CNCM athbhreithniú mór ar OCG i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna. Cuireadh tús leis an athbhreithniú i mí Meithimh 2018. San athbhreithniú, rinneadh scrúdú ar an gcuraclam OCG, ar an gcur chuige i leith an teagaisc agus na foghlama, ar thacaíochtaí a bhí ag teastáil, agus ar bhealaí chun an t‑eispéireas OCG a fheabhsú don scoláire.

Bhí rannpháirtíocht shuntasach i gceist leis an athbhreithniú, rud a thaispeánann spéis na ndaoine i leith na gné seo den oideachas. Bhí scoláirí, tuismitheoirí, múinteoirí, ceannairí scoile agus eagraíochtaí páirteach san athbhreithniú, agus iad ag súil le léirthuiscint iomlán a fháil ar riachtanais na ndaoine óga agus t-eispéireas OCG atá acu. Rinneadh an t-athbhreithniú ina dhá chéim.

Tharla an chéad chéim idir mí an Mheithimh 2018 agus mí an Mhárta 2019. Bhí rannpháirtíocht fhorleathan i gceist leis an gcéim seo den chomhairliúchán. Le comhairliúchán leathan mar bhunús, d’ullmhaigh CNCM Dréacht-Tuairisc ar an Athbhreithniú ar Oideachas Caidrimh agus Gnéasachta (OCG) i mBunscoileanna agus in Iar-Bhunscoileanna agus chuir siad tús leis an dara céim den chomhairliúchán ó mhí Iúil go mí Dheireadh Fómhair 2019. Bunaíodh an comhairliúchán seo ar mholtaí sa dréacht-Tuairisc lena n-áirítear; an chomhairle mholta i gcomhair an chuir chuige OCG amach anseo, moltaí maidir le forbairtí curaclaim sa todhchaí, na coinníollacha riachtanacha le haghaidh OCG éifeachtach agus ceisteanna eile. Bailíodh aiseolas trí shuirbhé ar líne, trí aighneachtaí scríofa agus trí shiompóisiam comhairliúcháin.

Tuairisc  ar an Athbhreithniú ar OCG

Páipéar Taighde 

Ar mhaithe le tacaíocht a thabhairt do na rannpháirtithe a raibh fonn orthu páirt a ghlacadh san athbhreithniú, d’fhorbair Oll Mark Morgan, Dr Seline Keating agus Dr Bernie Collins, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, páipéar taighde. Soláthraíonn an páipéar comhthéacs stairiúil don athbhreithniú, forléargas ar chuir chuige chomhaimseartha i leith OCG, chomh maith le léargais ar eispéireas na múinteoirí, na dtuismitheoirí agus na scoláirí ar ndóigh.

Guth an Scoláire

D’eagraigh CNCM cruinnithe grúpa fócais le scoláirí bunscoile agus iar-bhunscoile thar 23 scoil. Faightear a gcuid tuairimí sa dréacht-Tuairisc, i gcaibidil 2, lgh. 14-25. De bhreis air sin, d’eagraigh an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige (RLGÓ) imeacht comhairliúcháin aon lae, le 77 ionadaí de chuid Chomhairle na nÓg i láthair ann.

Aighneachtaí Scríofa

Cliceáil anseo chun rochtain a fháil ar aighneachtaí scríofa a fuarthas i rith an dá thréimhse den chomhairliúchán OCG (2018-19) mar atá leagtha amach thuas. 

Chun rochtain a fháil ar fhorbairtí i dtaca le curaclam OSPS na Bunscoile, cliceáil anseo.

Chun rochtain a fháil ar fhorbairtí i dtaca le OSPS na Sraithe Sinsearaí, cliceáil anseo.  

Cad iad na bearta atá déanta ó foilsíodh an t-athbhreithniú Oideachas Caidrimh agus Gnéasachta (OGC) (Eanáir 2019)?

Bunaíodh dhá Ghrúpa Forbartha, ceann bunscoile agus ceann iar-bhunscoile, ag eascairt as an bhfoilseachán den Tuairisc ar an Athbhreithniú ar Oideachas Caidrimh agus Gnéasachta (OCG) i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna. Bhí sé mar thosaíocht ag na grúpaí sin an treoir le haghaidh teagasc OSPS a fhoilsiú agus tacú le múinteoirí agus iad ag dul i ngleic leis an gcuraclam reatha ar bhealach muiníneach iomlánaíoch.

Tá an treoir sin ar fáil mar chuid de na huirlisí úsáide ar líne OSPS don mhúinteoir:

Moltar sa Tuairisc ar an Athbhreithniú ar Oideachas Caidrimh agus Gnéasachta (OCG) i mBunscoileanna agus in Iarbhunscoileanna go bhforbrófar curaclam comhtháite amháin do OCG agus OSPS a chuimseoidh an t-oideachas bunscoile agus iar-bhunscoile araon, agus a chinnteoidh go mbeidh an t-am cuí ann lena mhúineadh.

Le haghaidh tuilleadh eolais maidir le forbairtí curaclaim, féach:

Cad atá á mhúineadh faoi láthair i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna in Éirinn maidir le OSPS/OCG?

Tá an tOideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte (OSPS) á mhúineadh ar an gcuraclam le 25 bliain anuas, agus tá Oideachas Caidrimh agus Gnéasachta (OCG) mar chuid thábhachtach de.

Chun breathnú ar churaclaim OSPS reatha, cliceáil ar an nasc iomchuí:

Cén chéim ag a bhfuil forbairt curaclaim OSPS?

Thosaigh an obair maidir leis an gcuraclam OSPS a athfhorbairt leis an tsraith shóisearach. Forbraíodh cúrsa nuashonraithe OSPS don tSraith Shóisearach agus tá sé ar fáil do scoláirí na chéad bhliana a bheidh ag dul isteach san oideachas iar-bhunscoile i Meán Fómhair 2023.

Cuireadh tús leis an obair ar OSPS na Bunscoile agus na Sraithe Sóisearaí déanach in 2022. Beidh dréachtcháipéis curaclaim ar fáil don phobal ag deireadh na bliana 2023. Ag leibhéal na bunscoile, tá na forbairtí OSPS mar chuid d’fhorbairtí curaclaim níos leithne. Tiocfaidh gach foghlaim agus teagasc a bhaineann le OSPS faoi réimse curaclaim na Folláine. Beidh dréachtchreat Folláine ar fáil le haghaidh comhairliúchán poiblí in 2024.

De réir mar a fhorbrófar an curaclam, beidh deiseanna ann le haghaidh rannpháirtíochta leis na príomhpháirtithe leasmhara ar fad, agus beidh tuilleadh próisis comhairliúcháin phoiblí ann chomh maith sula gcríochnófar na sonraíochtaí curaclaim nua le haghaidh OSPS na Bunscoile agus na Sraithe Sinsearaí.

Cad iad na hábhair a mhúinfear san OSPS agus ag cén aois a mhúinfear iad?

Déantar liosta na dtopaicí agus cathain a mhúinfear iad a phlé agus a shocrú trí ghnáthphróisis CNCM. Áirítear le struchtúir CNCM Grúpaí Forbartha don bhunscolaíocht, don tsraith shóisearach agus don tsraith shinsearach. Tá na Grúpaí Forbartha seo déanta suas de mhúinteoirí, cigirí ón Roinn Oideachais, agus ionadaithe eile ar pháirtithe leasmhara. Cinneann na Grúpaí Forbartha an curaclam agus na topaicí atá le háireamh leis. Comhairliúcháin, taighde agus dea-chleachtas idirnáisiúnta is bonn leis na cinntí sin. I measc na bprionsabal treorach le haghaidh na nGrúpaí Forbartha go léir beidh feasacht ann gur chóir na topaicí a mhúineadh ar bhealach atá aois-oiriúnach, íogair agus incriminteach.

Cé a bhíonn tionchar acu ar fhorbairtí churaclam OSPS?

In CNCM, déanann na Boird agus Grúpaí Forbartha an obair ar fhorbairt an churaclaim ar son na Comhairle. Chun bonn láidir, ionadaíoch agus freagrúil a sholáthar dá hobair ar fhorbairt an churaclaim, bunaíonn CNCM grúpaí forbartha chun tabhairt faoi thascanna sonracha i réimsí curaclaim nó in ábhair. Is iad páirtithe oideachais a cheapann comhaltaí na nGrúpaí Forbartha agus bíonn ionadaithe ó mhúinteoirí, ó bhainistíocht scoileanna, ó thuismitheoirí agus ó páirtithe leasmhara eile san áireamh leo.

Le haghaidh eolais maidir leis na grúpaí a bhíonn bainteach san fhorbairt curaclaim, cliceáil ar an nasc thíos:

Cuireann CNCM comhairle ar an Aire Oideachais maidir le curaclam agus measúnú agus tá taighde, dea-chleachtas agus díospóireacht mar bhonn ag an gcomhairle sin, mar aon le comhairliúchán fairsing leis an bpobal, scoileanna, páirtithe leasmhara san oideachas agus páirtithe eile. Tá comhairliúchán, lena n-áirítear suirbhéanna ar líne and grúpaí fócais, ina chuid lárnach d’obair an CNCM

Agus curaclam nuashonraithe á fhorbairt, cuirtear eolas amach maidir le comhairliúcháin trí www.ncca.ie agus leathanaigh mheán sóisialta CNCM (Twitter @NCCAie, Instagram @NCCA_irl agus Facebook @NCCA).

Cén chaoi a bhféadfaidh tuismitheoirí/caomhnóirí nó daoine aonair leasmhara páirt a ghlacadh i bhforbairt curaclaim OSPS?

Is iad na tuismitheoirí príomhoideachasóirí a gcuid páistí agus is comhpháirtithe tábhachtacha iad sa phróiseas oideachais a tharlaíonn laistigh de scoileanna. Cinntíonn CNCM go mbíonn tuismitheoirí páirteach i gcomhráite agus i gcomhairliúcháin phoiblí sa chaoi is go mbeidh siad in ann a gcuid tuairimí maidir le forbairtí a chomhroinnt.

Éascaítear é sin ar shlite éagsúla — trí chruinnithe le grúpaí ionadaíocha, trí chomhairliúchán poiblí, lena n-áirítear cruinnithe ar líne agus fócasghrúpaí. Cuirtear eolas amach maidir le comhairliúcháin phoiblí trí www.ncca.ie agus leathanaigh mheán sóisialta CNCM (Twitter @NCCAie, Instagram @NCCA_irl agus Facebook @NCCA).

Cén áit inar féidir liom eolas atá cothrom le dáta a fháil faoi fhorbairtí OSPS agus forbairtí eile?

Tá eolas cothrom le dáta maidir le comhairliúcháin OSPS agus forbairtí eile ar fáil ar www.ncca.ie agus leathanaigh mheán sóisialta CNCM (Twitter @NCCAie, Instagram @NCCA_irl agus Facebook @NCCA). Féadfaidh tú clárú dár nuachtlitir chun an nuacht is déanaí a fháil anseo.

Cliceáil anseo le haghaidh ‘Ceisteanna agus Freagraí’ breise a bhaineann go sonrach le hOideachas Caidrimh agus Gnéasachta (OCG):