Staidéar Gnó

Díríonn Staidéar Gnó na Sraithe Sóisearaí ar thuiscint an scoláire ar an timpeallacht ghnó a fheabhsú agus ar scileanna don saol, don obair agus do staidéar breise a fhorbairt trí na trí shnáithe idirnasctha: Airgeadas Pearsanta, Fiontraíocht agus Ár nGeilleagar.

Is é aidhm an staidéir ghnó spéis an scoláire a mhúscailt sa timpeallacht ghnó agus sa chaoi a mbíonn sé ag plé léi. Forbraíonn sé scileanna, eolas, meonta agus iompraíocht a chuireann ar a chumas cinntí eolasacha freagracha a dhéanamh leis na hacmhainní uile atá ar fáil dó, ag cinntiú a leasa féin agus leas na sochaí, agus ag an am céanna beidh sé ag éirí níos féinfheasaí mar fhoghlaimeoir.

I gcomhréir leis an gCreat don tSraith Shóisearach (2015), tugadh sonraíocht nua ábhair isteach le haghaidh Eolaíocht agus Staidéar Gnó na Sraithe Sóisearaí i Meán Fómhair 2016 mar chuid de Chéim2 de thabhairt isteach na sonraíochtaí nua ábhair. Thug an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) faoi athbhreithniú ar an léargas luath idir Deireadh Fómhair agus Nollaig 2019 chun aiseolas a bhailiú agus chun na nithe seo a leanas a mheas agus a fhiosrú:

  • an chaoi a bhfuil ag éirí leis na sonraíochtaí an fhoghlaim lena bhfuiltear ag súil sna hábhair sin agus sa Chreat don tSraith Shóisearach go ginearálta a chur chun cinn
  • gnéithe measúnaithe de na hábhair agus tuairimí na scoláirí agus na múinteoirí orthu
  • conas a úsáideann múinteoirí breithiúnas gairmiúil d’fhonn an tsonraíocht nua a stiúradh sna scoileanna agus sna seomraí ranga.

Tuarascáil ar chur i bhfeidhm luath Staidéar Gnó agus Eolaíocht na Sraithe Sóisearaí

Tugadh isteach an tsonraíocht le haghaidh Staidéar Gnó na Sraithe Sóisearaí i scoileanna i mí Mheán Fómhair 2016. Cuireadh tús le forbairt na sonraíochta i mí na Samhna 2013.

Déantar iniúchadh sa pháipéar cúlra agus sa tuarascáil comhairliúcháin do Staidéar Gnó na Sraithe Sóisearaí ar fhorbairt an ábhair sa tsraith shóisearach; leagtar béim ar dhea-chleachtas sa bhaile agus thar lear; agus úsáidtear taighde bunaithe ar fhianaise mar bhonn agus mar thaca d’athbhreithniú na sonraíochta.

Tá ionadaithe sa Ghrúpa Forbartha Staidéar Gnó ó réimse páirtithe leasmhara oideachais, lena n-áirítear comhlachtaí múinteoirí agus bainistíochta, an Roinn Oideachais agus Scileanna, agus Coimisiún na Scrúduithe Stáit. Is féidir teacht ar thuarascálacha ó chruinnithe an ghrúpa forbartha anseo.

Forbraíodh dréachtsonraíocht do Staidéar Gnó na Sraithe Sóisearaí ó mhí na Samhna 2013 - Márta 2015. Tá an dréachtsonraíocht agus an tuarascáil chomhairliúcháin ar fáil anseo.

Tá na Treoirlínte agus an Tasc Measúnaithe ar fáil anseo.

Tá daoine óga ag fás aníos i ndomhan domhandaithe agus dinimiciúil. Tiocfaidh deiseanna agus dúshláin úra chun cinn lena linn atá chóir a bheith doshamhlaithe sa lá atá inniu ann. Teicneolaíochtaí éiritheacha, dúshláin chomhshaoil agus shochaíocha, déimeagrafaic, iomaíocht dhomhanda agus éileamh athraitheach tomhaltóirí – is iad sin na nithe a spreagfaidh na hathruithe sin. Cabhraíonn staidéar ar chúrsaí gnó leis an tuiscint, leis na scileanna agus leis na meonta a theastaíonn chun páirt iomlán a ghlacadh i ndomhan idirnasctha a thabhairt don scoláire. Féach ár n-intreoir don Staidéar Gnó anseo.

Tá ceisteanna samplacha ar fáil anseo