Stair

Tá sé mar aidhm ag an staidéar ar an Stair sa tsraith shóisearach cur ar chumas an scoláire an tuiscint choincheapúil is gá agus na scileanna disciplíneacha agus an t-eolas ar ábhar is gá a fhorbairt chun iniúchadh a dhéanamh ar rudaí a rinne daoine sa saol atá thart agus teacht ar thuiscint níos doimhne maidir le staid an duine. Gheobhaidh an scoláire amharc freisin ar an domhan, agus ar a áit sa domhan, ó pheirspictíocht stairiúil; agus tiocfaidh sé ar thuiscint faoin gcaoi ar mhúnlaigh daoine agus eachtraí an tsaoil atá thart saol na linne seo. Dírítear an staidéar ar thrí snáithe: Nádúr na Staire; Stair na hÉireann agus Stair na hEorpa agus an Domhan Mór.

Tá an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) ag tabhairt faoi athbhreithnithe ar chur i bhfeidhm luath sonraíochtaí Sraithe Sóisearaí ábhair na Staire, na hEacnamaíochta Baile, na Tíreolaíochta, na Mhatamaitic agus an Cheoil (Céim 4). Tá roinnt gnéithe ag baint leis an gcomhairliúchán, lena n-áirítear aighneachtaí i scríbhinn, suirbhé do mhúinteoirí agus gné amháin atá bunaithe ar scoil. Teastaíonn ó CNCM tuairimí a fháil ó réimse páirtithe, lena n-áirítear páirtithe leasmhara oideachais, múinteoirí atá ag cleachtadh a ngairme agus scoláirí ar spéis leo cur leis an athbhreithniú ar chur i bhfeidhm luath seo.

Is é cuspóir an athbhreithnithe seo ná aiseolas a bhailiú ó bhainistíocht scoile, ó mhúinteoirí/oideoirí, agus ó pháirtithe leasmhara maidir le taithí ar na hábhair seo agus na socrúcháin mheasúnaithe a bhaineann leo i scoileanna.

Is féidir leat páirt a ghlacadh sa chomhairliúchán seo tríd an suirbhé ar líne a chomhlánú.

Suirbhé ar Líne

Is féidir leat páirt a ghlacadh sa chomhairliúchán seo trí aighneacht i scríbhinn a chur isteach ag baint úsáid as an teimpléad seo.

Teimpléad Aighneachtaí Scríofa

Seol an aighneacht i scríbhinn agus é críochnaithe agat ar ríomhphost chuig consultations@ncca.ie le do thoil agus cuir "SS Céim 4 Athbhreithniú ar Chur i bhFeidhm Luath (Ainm an Ábhair) Aighneacht i Scríbhinn" i líne an ábhair.

Déanfar anailís ar an aiseolas go léir agus foilseofar tuarascáil ar Chur i bhFeidhm Luath.

Cuirfear deireadh leis an bpróiseas athbhreithnithe seo Déardaoin an 29 Feabhra ag 5 in.

Tabharfar isteach sonraíocht nua le haghaidh Stair i scoileanna i mí Mheán Fómhair 2018.

Tá sé mar aidhm ag an tsonraíocht spéis agus dúil sa stair a fhorbairt sa scoláire agus cur ar a chumas luachanna agus meonta a mhúnlaíonn a thuairim maidir le daoine sa saol atá thart, lena n-áirítear meas ar oidhreacht agus ar a oidhreacht chultúrtha, agus ionbhá stairiúil a fhorbairt ann, áit a dtugtar breithiúnas ar dhaoine i gcomhthéacs na tréimhse inar mhair siad agus bunaithe ar luachanna an ama sin.

Forbróidh an scoláire feasacht dhisciplíneach trí iniúchadh a dhéanamh ar an saol atá caite ó pheirspictíochtaí difriúla; smaoineamh go criticiúil faoi shaincheisteanna, imeachtaí agus daoine ar a dtagann siad trasna; foinsí fianaise a scrúdú go hoibiachtúil agus breithiúnais a dhéanamh faoi thuairimí a léirítear, lena n-áirítear an cumas bolscaireacht a aithint.

Beidh feidhm le siollabas Staire an Teastais Shóisearaigh don scoláire a rachaidh isteach sa chéad bhliain roimh Mheán Fómhair 2018.

I gcás scoláirí a bheidh ag dul isteach sa chéad bhliain i mí Mheán Fómhair 2018 nó ina dhiaidh sin beidh feidhm le sonraíocht Stair na Sraithe Sóisearaí. Is féidir féachaint ar an dá cheann anseo.

Tabharfar isteach an tsonraíocht le haghaidh Stair na Sraithe Sóisearaí i scoileanna i mí Mheán Fómhair 2018. Cuireadh tús le forbairt na sonraíochta i mí na Samhna 2016.

Déantar iniúchadh sa pháipéar cúlra agus sa tuarascáil comhairliúcháin do Stair na Sraithe Sóisearaí ar fhorbairt an ábhair sa tsraith shóisearach; leagtar béim ar dhea-chleachtas sa bhaile agus thar lear; agus úsáidtear taighde bunaithe ar fhianaise mar bhonn agus mar thaca d’athbhreithniú na sonraíochta.

Tá ionadaithe i nGrúpa Forbartha na Staire ó réimse páirtithe leasmhara oideachais, lena n-áirítear comhlachtaí múinteoirí agus bainistíochta, an Roinn Oideachais agus Scileanna, agus Coimisiún na Scrúduithe Stáit.

Rinne an grúpa sin maoirsiú ar fhorbairt dréachtsonraíochta do Stair na Sraithe Sóisearaí ó mhí Mheán Fómhair 2016 go Márta 2017. Tá an dréachtsonraíocht agus an tuarascáil chomhairliúcháin ar fáil anseo.

 

Féach ár bhfíseán de Ghuth an Scoláire anseo.