Measúnú Is éard is measúnú ann ná an próiseas trína ndéantar fianaise den fhoghlaim, i ndaoine aonair, i ngrúpaí nó i gcórais a ghiniúint, a bhailiú, a thaifeadadh, a léirmhíniú, a úsáid agus a thuairisciú. Cuireann measúnú oideachasúil eolas ar fáil faoi dhul chun cinn san fhoghlaim, agus ar ghnóthachtáil maidir le scileanna, eolas, iompraíochtaí agus dearcthaí a fhorbairt.
An Tasc Measúnaithe Is tasc scríofa é an Tasc Measúnaithe a dhéanann an scoláire le linn an ranga. Seoltar an tasc chuig Coimisiún na Scrúduithe Stáit i gcomhair marcála. Is í CNCM a shonraíonn an Tasc Measúnaithe agus bainfidh sé le torthaí foghlama an dara Measúnú Rangbhunaithe. Sna Treoirlínte do na Measúnuithe Rangbhunaithe agus don Tasc Measúnaithe maidir le gach ábhar, beidh na sonraí riachtanacha go léir agus tá siad ar fáil freisin san Fhoireann Uirlisí don Mheasúnú.
Modh measúnaithe Seo téarma ina gcuimsítear na straitéisí agus na teicnící éagsúla is féidir a úsáid chun faisnéis a bhailiú ón scoláire maidir lena dhul chun cinn i dtreo an eolais, na scileanna agus na dearcthaí atá le foghlaim a bhaint amach. Leis an modh measúnaithe a roghnaítear bítear in ann fianaise a ghiniúint agus aiseolas caoithiúil a thabhairt d’fhonn cinntí teagaisc iomchuí a dhéanamh agus foghlaim an scoláire a fheabhsú.
Foghlaim chumaisc Tagraíonn sé seo don chleachtas maidir le heispéiris foghlama ar líne agus fíor-ama araon a úsáid nuair a bhíonn an scoláire á mhúineadh. Leis an meascán sin de sheachadadh inneachair is féidir leis an dá mhodh tacú le chéile agus a chéile a chomhlánú agus an próiseas foghlama a phearsanú. Is féidir tagairt dó seo freisin mar ‘fhoghlaim hibrideach’ nó ‘foghlaim den mhodh measctha’.
Measúnú Rangbhunaithe Tugann Measúnuithe Rangbhunaithe in ábhair agus i ngearrchúrsaí deis don scoláire a thuiscint agus a chuid scileanna a léiriú ar bhealach nach mbíonn indéanta i scrúdú foirmiúil. Cuireann an scoláire Measúnuithe Rangbhunaithe, á n-éascú ag an múinteoir ranga, i gcrích i dtréimhse ama sainithe, laistigh de thréimhse teagmhála an ranga agus ag cloí le hamchlár náisiúnta. (Cliceáil ‘ábhair’ ar chlé chun faisnéis shonrach bhreise a fháil maidir leis an ábhar).
Measúnú diagnóiseach Seo cineál measúnaithe atá beartaithe chun na láidreachtaí agus/nó réimsí riachtanais an scoláire a dhiagnóisiú roimh ghníomhaíocht foghlama. Leis an gcineál seo measúnaithe bítear in ann na hidirghabhálacha agus na cuir chuige oideolaíochta iomchuí a aithint, a bheidh riachtanach chun an fhoghlaim a threisiú d’fhonn freastal ar riachtanais foghlama aonair an scoláire.
Teagasc difreáilte Tagraíonn teagasc difreáilte don raon leathan straitéisí, teicnící agus cuir chuigí a úsáidtear chun tacú le foghlaim an scoláire agus cuidiú le gach scoláire a chumas nó a cumas a bhaint amach agus a chur i gcrích.
Samplaí de shaothar an scoláire Foilsítear samplaí anótáilte de shaothar dílis an scoláire ar líne chun leibhéil ghnóthachtála i dtaca le gnéithe cáilíochta a léiriú. Forbraítear iad ionas go mbeidh múinteoirí, tuismitheoirí, scoláirí agus páirtithe leasmhara eile in ann iad féin a chur ar an eolas maidir le leibhéil ghnóthachtála.
Ionchais maidir le Foghlaimeoirí/Scoláirí Scáth-théarma a nascann torthaí foghlama le samplaí anótáilte de shaothar scoláire agus a léiríonn chomh mór is atá na torthaí foghlama á gcur i gcrích.
Na Gnéithe Cáilíochta Is iad gnéithe cáilíochta na ráitis sa ghearrchúrsa/i sonraíochtaí an ábhair a thacaíonn le múinteoirí chun breithiúnais a dhéanamh faoi cháilíocht obair an scoláire ar mhaithe le gráid ghnóthachtála a bhronnadh i gcomhair deimhniúcháin. Toisc go bhfuil critéir rathúlachta nasctha go dlúth le cuspóirí foghlama agus bunaithe ar ghnáth-phróisis ó lá go lá sa seomra ranga, de réir a chéile léireoidh foghlaim an scoláire na riachtanais atá leagtha amach sna gnéithe cáilíochta a úsáidtear chun críocha measúnaithe agus tuairiscithe.
Measúnú foirmitheach Bíonn an measúnú foirmitheach nuair a úsáidtear nósanna imeachta foirmiúla nó neamhfhoirmiúla chun fianaise den fhoghlaim a bhailiú i rith an phróisis foghlama, agus nuair a úsáidtear iad chun an teagasc a chur in oiriúint chun freastal ar riachtanais an scoláire. Ceadaíonn an próiseas do mhúinteoirí agus don scoláire faisnéis a bhailiú faoi dhul chun cinn an scoláire agus athruithe a mholadh maidir le cur chuige an mhúinteora ina theagasc agus maidir le cur chuige an scoláire i leith na foghlama. Sa mheasúnú chun foghlama cumhdaítear gach gné den mheasúnú foirmitheach ach dírítear go háirithe ar an scoláire a mbeidh ról gníomhach aige ina chuid/cuid foghlama féin.
Pleananna Oideachais Aonair Pleananna a fhorbraítear i scoileanna ina dtugtar sonraí ar na cuir chuigí teagaisc agus foghlama a bheartaítear chun dul i ngleic le sainriachtanais foghlama, spéiseanna agus ardaidhmeanna scoláirí aonair.
Measúnú do Phróifíl Gnóthachtála na Sraithe Sóisearaí Is é PGSS an dámhachtain a gheobhaidh an scoláire ag deireadh na sraithe sóisearaí. Tabharfaidh an dámhachtain luach saothair as gnóthachtáil thar gach réimse foghlama agus measúnaithe lena n-áirítear measúnú foirmitheach leanúnach; Measúnuithe Rangbhunaithe; agus gráid SEC, ina n-áirítear torthaí ó na scrúduithe deiridh agus ó na Tascanna Measúnaithe.
Cuspóirí foghlama Is éard is cuspóir foghlama le haghaidh ceachta nó sraith ceachtanna ná ráiteas, a chruthaíonn an múinteoir, ina ndéantar cur síos go soiléir ar cad is mian leis an múinteoir a bheadh ar eolas ag an scoláire, a thuigfeadh sé agus a bheadh sé in ann a dhéanamh mar thoradh ar na gníomhaíochtaí foghlama agus teagaisc.
Torthaí foghlama Is ráitis iad na torthaí foghlama i sonraíochtaí curaclaim a dhéanann cur síos ar an eolas, an tuiscint, na scileanna agus na luachanna ba chóir do scoláire a bheith ábalta a thaispeáint i ndiaidh tréimhse foghlama.
Modhnóireacht Is próiseas comhoibritheach é modhnóireacht a chuireann ar chumas múinteoirí comhleanúnachas a bhaint amach ina mbreithiúnais ar obair an scoláire i gcoinne critéar rathúlachta nó gnéithe cáilíochta comhaontaithe. Bíonn múinteoirí páirteach sa phróiseas modhnóireachta agus pléitear na cáilíochtaí a léirítear i samplaí de shaothar an scoláire d’fhonn teacht ar chomhaontú faoi chaighdeán na hoibre sin.
Measúnú leanúnach Mar chuid dá chuid oibre sa seomra ranga, bíonn an scoláire ag gabháil do ghníomhaíochtaí measúnaithe ar féidir leo a bheith foirmitheach nó suimitheach. Déanann múinteoirí measúnú mar chuid dá gcleachtas laethúil trí bheith ag breathnú agus ag éisteacht de réir mar a chuireann an scoláire tascanna i gcrích, trí fhéachaint ar an méid a scríobhann sé agus an méid a dhéanann sé, agus trí mhachnamh a dhéanamh ar an gcaoi a dtugann sé freagra, ar an gcaoi a leagann sé amach agus a bhfiafraíonn sé ceisteanna. Baineann múinteoirí leas as an bhfaisnéis measúnaithe sin chun cuidiú leis an scoláire na chéad chéimeanna eile ina chuid foghlama a phleanáil. Ar bhonn tréimhsiúil, déanfar an measúnú seo i socruithe níos struchtúrtha, níos foirmiúla áit a gcaithfidh an múinteoir pictiúr a fháil de dhul chun cinn an scoláire d’fhonn cinntí a dhéanamh maidir le pleanáil sa todhchaí agus chun tuairisc a thabhairt ar dhul chun cinn. Leis sin b’fhéidir go mbeadh an scoláire ag gabháil do thionscadail, d’imscrúduithe, cás-staidéir agus/nó tástálacha agus d’fhéadfadh sé sin tarlú ag pointí sainithe san fhéilire scoile.
Piarmheasúnú Is éard is piarmheasúnú ná measúnú ar obair daoine eile atá ar chomhstádas. I gcomhthéacs fhoghlaim an scoláire, úsáideann an scoláire piarmheasúnú chun fiúntas obair scoláirí eile a mheas agus tagairt á déanamh do chritéir shonracha agus chomhaontaithe.
Iontaofacht A mhéid is a thabharfadh an measúnú an toradh céanna dá ndéanfaí arís é. Ciallaíonn iontaofacht sa mheasúnú go dtugtar fianaise agus faisnéis ar ardchaighdeán maidir le feidhmíocht an scoláire agus gur féidir í a chur i gcomparáid (i.e. bíonn bunús leo nuair a dhéantar comparáid idir iad agus breithiúnais thar fhoghlaimeoirí, ranna agus scoileanna).
Tuairisciú Faisnéis a chur in iúl maidir leis na torthaí ón measúnú ar ghnóthachtáil an scoláire.
Féinmheasúnú Baineann féinmheasúnú le scoláire ag déanamh breithiúnas faoina chuid oibre féin, bunaithe ar ghnéithe cáilíochta. Is tomhas é den mhéid is a chomhlíon a chuid oibre féin na gnéithe cáilíochta sin.
Sonraíocht Sonraítear i sonraíocht ábhair nó gearrchúrsa na torthaí foghlama beartaithe, agus an chaoi ar féidir iad a bhaint amach agus a léiriú. Tugtar cuntas sa tsonraíocht ar an gcaoi a bhfuil an fhoghlaim in aon ábhar nó gearrchúrsa nasctha le ráitis foghlama agus príomhscileanna ar leith.
Tástáil chaighdeánaithe Seo tástáil a thugtar go comhleanúnach do na daoine go léir a ghlacann le tástáil agus a úsáideann nósanna imeachta uilíocha i gcomhair riar agus scóráil na tástála. Baineann an téarma seo go príomha le tástálacha ar mhórscála a thugtar do dhaonraí suntasacha scoláirí, agus ina bhféadtar comparáid a dhéanamh idir feidhmíocht choibhneasta scoláirí aonair nó grúpaí scoláirí. Is tásc breise a bheidh sna tástálacha seo de dhul chun cinn an scoláire agus tá siad ceaptha chun cur le breithiúnas gairmiúil an mhúinteora agus ina ionad.
Cruinniú don Athbhreithniú ar Fhoghlaim agus ar Mheasúnú Ábhair (AMFÁ) I ndiaidh Measúnú Rangbhunaithe a bheith curtha i gcrích, tabharfaidh múinteoirí faoi chruinnithe athbhreithnithe, áit a roinnfidh siad agus a bpléifidh siad samplaí dá gcuid measúnuithe ar obair scoláirí agus forbróidh siad comhthuiscint faoi cháilíocht fhoghlaim an scoláire. (Féach ‘Cruinniú don Athbhreithniú’ chun tuilleadh sonraí a fháil).
Critéir rathúlachta Tá critéir rathúlachta nasctha le cuspóirí foghlama. Forbraíonn an múinteoir agus/nó an scoláire iad agus déantar cur síos ar rath agus cad atá i gceist leis. Cuidíonn siad leis an múinteoir agus leis an scoláire breithiúnais a dhéanamh faoi cháilíocht fhoghlaim an scoláire.
Measúnú Suimitheach Bíonn an measúnú suimitheach nuair a úsáidtear é chun foghlaim an scoláire a mheas ag deireadh an phróisis teagaisc nó na tréimhse foghlama. Is é is aidhm leis achoimre a thabhairt ar ghnóthachtálacha an scoláire agus fáil amach cibé ar léirigh an scoláire tuiscint maidir leis an bhfoghlaim sin trína cur i gcomparáid le critéir rathúlachta nó gnéithe cáilíochta comhaontaithe agus cé chomh mór is a léirigh sé an tuiscint sin.
Bailíocht A mhéid is a thomhaiseann uirlis mheasúnaithe go cruinn an rud dar ceapadh é a thomhas.