Tuairisciú

Luaitear sna Treoirlínte do Scoileanna maidir le Measúnú agus Tuairisciú ar Fhoghlaim an Scoláire – an tSraith Shóisearach 2021 arna eisiúint ag an Roinn Oideachais ar an 9ú Márta go n-eiseoidh an scoil Tuairisc Scoile ina leagfar amach gnóthachtáil foghlama an scoláire. Tá cead ag gach scoil, tar éis di dul i gcomhairle le múinteoirí na scoláirí sa tríú bliain, na modhanna measúnaithe agus formáid na tuairisce scoile a úsáidfear a roghnú. Tugtar tacaíochtaí ábhartha don tuairisciú thíos.

Deirtear sna Treoirlínte do Scoileanna maidir le Measúnú agus Tuairisciú ar fhoghlaim an scoláire ag an tSraith Shóisearach a d’eisigh an Roinne Oideachais ar an 9ú Márta go bhfuil cead ag gach scoil, tar éis di dul i gcomhairle le múinteoirí na scoláirí sa tríú bliain, na modhanna measúnaithe agus formáid na tuairisce scoile a úsáidfear a roghnú. Tá teimpléad tuairiscithe samplach CNCM, a forbraíodh de réir na dtreoirlínte do scoileanna, ar fáil thíos.

Tarraingíonn an teimpléad ar dhea-chleachtas atá le brath i dtuairisciú scoile faoi láthair, ag tabhairt tacaíochta do scoileanna de réir mar a dhearann agus a fhorbraíonn siad a dteimpléid tuairiscithe le haghaidh an chohóirt reatha sa tríú bliain. Féadfaidh na scoileanna an teimpléad iomlán a úsáid nó féadfaidh siad gnéithe den teimpléad a áireamh/eisiamh ag brath ar a gcomhthéacs agus a riachtanais féin.

Tá na leaganacha den teimpléad thíos cosúil lena chéile ó thaobh formáide de, ach tá spás i gcuid acu chun tuairisciú ar ghnóthachtáil an scoláire in Aonaid Foghlama Tosaíochta (AFTanna) Leibhéal 2 agus Leibhéal 1. Tabhair faoi deara, má áirítear ainmneacha sainiúla ábhar, gearrchúrsaí agus AFTanna, ní chuirtear san áireamh iad ach amháin mar shampla den chuma a d’fhéadfadh a bheith ar thuairisc.