Oideachas faoi Reiligiúin agus faoi Chreidimh (ORC) agus Eitic

Cuireann an roinn seo sonraí ar fáil maidir le forbairt churaclaim san Oideachas faoi Reiligiúin agus faoi Chreidimh (ORC) agus Eitic.

Baineann cuid thábhachtach d’oideachas páiste le foghlaim faoi, agus tuiscint a fháil ar shaoil, luachanna agus traidisiúin a chairde, a chomhscoláirí agus baill phobail níos fairsinge. Tá cuid mhaith den fhoghlaim seo ar siúl cheana féin i seomraí ranga Éireannacha, ina gcothaítear mhothúcháin an pháiste féin maidir le haitheantas agus leis an áit is dual agus ina dtugtar meas ar na mothúcháin sin. Lena chinntiú go bhfuil an deis do gach páiste tabhairt faoina leithead d’fhoghlaim agus lena chinntiú go n-aithnítear dea-chleachtais atá ann cheana féin i scoileanna, tá an CNCM ag forbairt curaclaim san Oideachas faoi Reiligiúin agus faoi Chreidimh (ORC) agus Eitic.

  • Gheobhaidh tú athbhreithniú agus taighde a bhaineann le hORC agus Eitic anseo. 

D’oibrigh an CNCM le líonra scoileanna chun a gcleachtais uilechuimsitheacha a roinnt le scoileanna eile. Baineann na cleachtais uilechuimsitheacha leis an éagsúlacht in ár scoileanna. Baineann siad freisin le cúrsaí eitice agus luachanna. Tá go leor acu bunaithe ar na Treoirlínte Idirchultúir do Bhunscoileanna agus baineann cuid acu leis an múinteoireacht agus leis an bhfoghlaim a ndearnadh cur síos orthu sna moltaí do churaclam san Oideachas faoi Reiligiúin agus faoi Chreidimh agus Eitic.  D'fhorbair cleachtais eile as comhthéacsanna agus riachtanais shonracha scoile. 

Balbriggan Educate Together

Eglish National School

Gaelscoil Riabhach

Kilcoskan National School

St. Thomas’ Junior National School

Naas Community National School

Seimineár Cleachtais Uilechuimsitheacha 

Tháinig an líonra scoileanna le chéile ar an 19ú Aibreán 2018 i Marino chun an obair a tharlaíonn sna scoileanna a cheiliúradh agus a roinnt le pobal níos leithne. Thug an tOllamh Aislinn O’Donnell (Ollscoil Mhá Nuad) agus an Dr Patricia Kieran (Coláiste Mhuire gan Smál) eochairchaint an spéisiúl. Tá na buaicphointí le feiceáil anseo.