Cuibhreannas d'institiúidí um Fhorbairt agus Taighde Oideachais san Eoraip

Tacaíonn gréasán an CIDREE le leathnú eolais agus oilteachta na n-oideoirí proifisiúnta. Is iad príomheagraíochtaí na dtíortha éagsúla a chuireann comhairle faoi pholasaithe proifisiúnta ar fáil do na hAirí faoi ghnéithe tábhachtacha an oideachais atá ina mbaill. Is ball bunaithe den líonra seo í an CNCM. Cuireann sé seo go mór le luach ár n-imeachtaí mar gheall ar an saineolas, éifeachtúlacht agus críochnúlacht leathnaithe atá aici agus í ag tabhairt faoi thaighde agus faoi fhorbairt oideachasúil. Ciallaíonn ballraíocht an ghréasáin seo gur féidir leis an gCNCM cur le agus a bheith i bhfeidhm ar threochtaí náisiúnta agus idirnáisiúnta, ar fhorbairtí agus ar cheisteanna faoi, mar shampla:

  • taighde oideachasúil a dhéanamh
  • príomhchuraclaim náisiúnta agus idirnáisiúnta a leasú
  • ábhair fhoghlama agus theagaisc a choimisiúnú agus a fhorbairt.

Chun níos mó eolas a fháil amach faoi CIDREE agus a chuid foilseachán, téigh chuig www.cidree.org nó féach ar an bhfíseán seo a leanas.

Cidree logo over book photo