Rialachas

Rialachas

Bunaíodh an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) faoin Acht Oideachais, 1998. Leagtar amach feidhmeanna na Comhairle in Alt VII den Acht. Tá an Chomhairle cuntasach don Aire Oideachais agus freagrach as rialachas maith a chinntiú.

Tugann an Chomhairle faoin tasc sin ag leagan spriocanna agus gníomhaíochtaí straitéiseacha amach agus ag déanamh cinntí straitéiseacha i ngach príomhréimse dá cuid oibre. Tá an Príomhoifigeach Feidhmiúcháin agus an fhoireann ardbhainistíochta freagrach as bainistíocht, rialú agus treoir laethúil CNCM. Ní mór don Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin agus don fhoireann ardbhainistíochta cloí leis an treoir straitéiseach leathan a shonraíonn an Chomhairle agus tá orthu a áirithiú go bhfuil tuiscint shoiléir ag gach duine de chomhaltaí na Comhairle ar na príomhghníomhaíochtaí agus na cinntí a bhaineann leis an gComhairle agus ar aon riosca suntasach a d’fhéadfadh teacht chun cinn. Gníomhaíonn an Príomhoifigeach Feidhmiúcháin mar idirghabhálaí díreach idir Comhairle agus lucht bainistíochta CNCM.

Freagrachtaí na Comhairle

Leagtar amach obair agus freagrachtaí na Comhairle san Acht Oideachais, 1998 (Alt VII), agus sa sceideal a ghabhann leis. Is iad seo a leanas na cúrsaí a ndéanann an Chomhairle amháin cinntí ar a son:

  • faomhadh gach sonraíochta curaclaim agus measúnachta agus creata curaclaim
  • faomhadh cáipéisí comhairliúcháin
  • faomhadh treoracha agus straitéisí beartais
  • faomhadh pleananna straitéiseacha agus pleananna oibre bliantúla
  • faomhadh tuarascálacha bliantúla
  • faomhadh cuntas bainistíochta ráithiúil agus ráiteas airgeadais bliantúil
  • faomhadh aon athrú suntasach i mbeartais nó i nósanna imeachta cuntasaíochta
  • faomhadh an Ráitis Bhliantúil ar Rialú Inmheánach
  • faomhadh an Ráitis Rialachas bhliantúil agus Thuarascáil na gComhaltaí Boird
  • faomhadh na gconarthaí a bhronntar a mbaineann luach atá cothrom le €50,000, nó níos mó, leo
  • faomhadh beartas bainistíochta riosca
  • faomhadh na dtéarmaí tagartha agus ceapachán ar aon fhochoiste de chuid na Comhairle m.sh. an Coiste Iniúchóireachta agus Riosca
  • faomhadh chun Boird agus Meithleacha Forbartha a bhunú
  • faomhadh cheapachán na gCathaoirleach Bord lena n-áirítear Boird don Luathóige agus don Bhunscoil, agus don tSraith Shóisearach agus an tSraith Shinsearach
    faomhadh comhthofa comhaltaí ar Bhoird
  • faomhadh chun téarma Boird, Meithle Forbartha nó fochoiste a shíneadh i gcás ina dtagann fadhbanna chun cinn a dteastaíonn cruinniú uathu le linn na tréimhse aistrithe le haghaidh cheapadh na Comhairle nua
  • faomhadh Buanorduithe.

Tá na míreanna seo a leanas i measc na mbuanmhíreanna a ndéanann an Chomhairle breithniúchán ar a son:

  • dearbhú leasanna
  • tuairiscí ón bPríomhoifigeach Feidhmiúcháin
  • tuairiscí ó fhochoistí na Comhairle.

Cuirtear tuairiscí airgeadais agus bainistíochta le chéile agus déanann an Chomhairle breithniú orthu ar bhonn ráithiúil. Déantar an Plean Oibre agus an t-athbhreithniú ar fheidhmíocht an phlean oibre a bhreithniú go bliantúil. Déantar cúrsaí forchoimeádta a bhreithniú nuair a thagann siad chun cinn.

Tá an Chomhairle freagrach as an bplean agus an buiséad bliantúil mar aon leis na ráitis airgeadais bhliantúla a fhaomhadh. Tugtar faoi mheasúnú ar fheidhmíocht CNCM faoi threoir an phlean agus an bhuiséid bhliantúil.

Tá an Chomhairle freagrach as a sócmhainní a chosaint freisin, agus dá bhrí sin, as céimeanna réasúnta a thógáil chun calaois agus neamhrialtachtaí eile a chosc agus a aimsiú.

Struchtúr na Comhairle

Tá Cathaoirleach amháin, beirt Leas-Cathaoirleach agus 22 gnáthchomhalta ar an gComhairle, agus ceapann an tAire Oideachais na daoine sin uile ar bhonn ainmniúcháin a fhaightear ó cheardchumainn múinteoirí, boird bainistíochta, eagraíochtaí tuismitheoirí agus tionscail agus eagraíochtaí eile. Féach ar an liosta de chomhaltaí na Comhairle anseo.

Bhunaigh an Chomhairle dhá choiste, an Coiste Iniúchóireachta agus Riosca agus an Coiste Rialachais. Leagtar amach na freagrachtaí a tharmligeann an Chomhairle ar na fochoistí sin ina dTéarmaí Tagartha.

An Coiste Iniúchóireachta agus Riosca

Tá ceathrar comhaltaí de chuid na Comhairle agus comhalta neamhspleách amháin ag a bhfuil saineolas airgeadais agus iniúchta ar an gCoiste Iniúchóireachta agus Riosca. Is é ról an Choiste tacaíocht a thabhairt don Chomhairle faoina freagrachtaí maidir le ceisteanna riosca, rialaithe, rialachais agus an dearbhú a bhaineann leo.

Tá an Coiste Iniúchóireachta agus Riosca neamhspleách ar bhainistíocht airgeadais na heagraíochta. Cinntíonn an Coiste go ndéantar monatóireacht ghníomhach agus neamhspleách ar na córais rialaithe inmheánaigh, lena n-áirítear gníomhaíochtaí iniúchta. Tuairiscíonn an Coiste don Chomhairle i ndiaidh gach cruinnithe, agus go foirmiúil i scríbhinn ar bhonn bliantúil.

An Coiste Rialachais

Tá triúr comhaltaí de chuid na Comhairle agus comhalta neamhspleách amháin ar an gCoiste Rialachais. Is é ról an Choiste tacaíocht a thabhairt don Chomhairle maidir le ceanglais dhlíthiúla agus reachtúla a chomhlíonadh, mar aon le dea-chleachtas a ghlacadh i leith an rialachais.

Comhlíonadh an Chóid Cleachtais chun Comhlachtaí Stáit a Rialú

Tá beartais agus nósanna imeachta i bhfeidhm ag an gComhairle sna príomhréimsí chun an Cód Cleachtais chun Comhlachtaí Stáit a Rialú a chomhlíonadh.

Tá Comhaontú Maoirseachta agus Seachadta Feidhmíochta i bhfeidhm idir an Roinn Oideachais agus Scileanna agus CNCM, agus clúdaítear cúrsaí rialachais, feidhmíochta, maoinithe agus caidrimh tuairiscithe ann.

Nochtadh Cosanta

Tá CNCM meáite ar thimpeallacht oiriúnach a chothú le dul i ngleic le hábhair imní i dtaca le héagóir fhéideartha san ionad oibre agus ar an tacaíocht riachtanach a chur ar fáil d’oibrithe le go bhféadann siad fíor-ábhair imní a tharraingt anuas. Is é is cuspóir leis an mBeartas seo um Nochtadh Cosanta ná oibrithe CNCM nó aon duine a oibríonn nó d’oibrigh do CNCM a spreagadh le héagóir a nochtadh agus cosaint a chur ar fáil don duine a dhéanann an nochtadh.