Cad a dhéanaimid

Cad a dhéanaimid

Cuireann CNCM comhairle ar an Aire Oideachais maidir le:

  1. curaclaim agus measúnú don oideachas luath-óige, bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna.
  2. na nósanna imeachta measúnaithe a úsáidtear i scoileanna agus i scrúdaithe in ábhair atá mar chuid den churaclam.

Forbraítear an chomhairle sin ag baint úsáide as Taighde, Plé, Comhairliú agus Líonrú.

Leagann an Chomhairle a cuid tosaíochtaí amach i bplean straitéiseach trí bliana. Cuireann na tosaíochtaí úd leis an bhfís iomlán maidir le fhorbairtí nuálacha san oideachas a chur chun cinn ar mhaithe le maireachtáil, foghlaim agus dul i mbun oibre i ndomhan atá ag athrú. Léigh an Plean Straitéiseach anseo.

Cé nach bhfuil CNCM freagrach as athruithe curaclaim a chur i bhfeidhm, tacaíonn sí le hathruithe oideachasúla i suíomhanna luath-óige agus i scoileanna trí réimse leathan d’ábhair thacaíochta, ar nós samplaí cleachtais, sraitheanna straitéisí ar líne, agus áiseanna pleanála a fhorbairt agus trí obair as lámh a chéile leis na daoine a chuireann forbairtí nua ar fáil do chleachtóirí agus do mhúinteoirí araon.