Athbhreithniú ar léargais luath ar an tSraith Shóisearach

Theicneolaíocht Fheidhmeach, Theicneolaíocht Adhmaid, Innealtóireacht, Grafaic, Oideachas Reiligiúin, Léann na nGiúdach, agus Léann Clasaiceach

Tá an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) ag tabhairt faoi athbhreithnithe ar chur i bhfeidhm luath sonraíochtaí Sraithe Sóisearaí ábhair na Theicneolaíocht Fheidhmeach, Theicneolaíocht Adhmaid, Innealtóireacht, Grafaic, Oideachas Reiligiúin,  Léann na nGiúdach,  agus Léann Clasaiceach (Céim 5). Tá roinnt gnéithe ag baint leis an gcomhairliúchán, lena n-áirítear aighneachtaí i scríbhinn, suirbhé ar líne agus gné amháin atá bunaithe ar scoil. Teastaíonn ó CNCM tuairimí a fháil ó réimse páirtithe, lena n-áirítear páirtithe leasmhara oideachais, múinteoirí atá ag cleachtadh a ngairme agus scoláirí ar spéis leo cur leis an athbhreithniú ar chur i bhfeidhm luath seo.

Is é cuspóir an athbhreithnithe seo ná aiseolas a bhailiú ó bhainistíocht scoile, ó mhúinteoirí/oideoirí, ó scoláirí agus ó pháirtithe leasmhara maidir le taithí ar na hábhair seo agus na socrúcháin mheasúnaithe a bhaineann leo i scoileanna.

Cuirfear deireadh leis an bpróiseas athbhreithnithe seo Dé hAoine an 14 Márta, 2025 ag 5 in.