Teicneolaíocht Adhmaid

I dTeicneolaíocht Adhmaid, tugann an scoláire faoi ghníomhaíochtaí éagsúla, taighde agus tionscadail chomhpháirtíochta ina measc, chun foghlaim faoi adhmad mar acmhainn nádúrtha agus mar ábhar déantúsaíochta. Chomh maith le feidhmeanna praiticiúla na teicneolaíochta adhmaid, foghlaimíonn an scoláire faoi thréithe nádúrtha agus fisiciúla an adhmaid a imríonn tionchar ar an gcaoi a n-úsáidtear é agus faoin gcaoi a n-imríonn cúinsí geilleagracha, inbhuanaithe agus eiticiúla tionchar ar dhearadh agus ar rogha ábhair. Forbraíonn agus úsáideann sé scileanna éagsúla, lena n-áirítear nósanna oibre sábháilte, bainistíocht tionscadal, eagrúchán, réiteach fadhbanna agus teicnící adhmadóireachta.

Forbróidh an scoláire an tuiscint choincheapúil, na scileanna disciplín agus an t-eolas ábhair a theastaíonn chun fadhbanna san fhíorshaol a iniúchadh agus a réiteach, trí thimpeallacht atá dírithe ar thascanna go príomha.

I gcás scoláirí a bheidh ag dul isteach sa chéad bhliain i mí Mheán Fómhair 2019 nó ina dhiaidh sin beidh feidhm le sonraíocht Teicneolaíocht Adhmaid na Sraithe Sóisearaí. Le tacú leis an tsonraíocht, cuirfear Treoirlínte Measúnaithe agus Samplaí d’Obair Scoláirí ar fáil. Cuirfear ar fáil iad ar www.curriculumonline.ie.

Tabharfar isteach an tsonraíocht le haghaidh Theicneolaíocht Adhmaid na Sraithe Sóisearaí i scoileanna i mí Mheán Fómhair 2019. Cuireadh tús le forbairt na sonraíochta i mí Mheán Fómhair 2017. 

Déantar iniúchadh sa pháipéar cúlra agus sa tuarascáil chomhairliúcháin d’ábhair Theicneolaíochta na Sraithe Sóisearaí ar fhorbairt an ábhair Teicneolaíochta sa tsraith shóisearach; leagtar béim ar dhea-chleachtas sa bhaile agus thar lear, agus úsáidtear taighde bunaithe ar fhianaise mar bhonn agus mar thaca d’athbhreithniú na sonraíochta.