Forbróidh an scoláire an t-eolas, na scileanna agus an tuiscint a theastaíonn chun dul i ngleic leis na sibhialtachtaí uathúla sin, agus trína dhéanamh sin, forbróidh sé an litearthacht amhairc, na scileanna criticiúla agus an teanga atá riachtanach le dul i ngleic le domhan ilchineálach na linne seo.
Beidh feidhm le siollabas Staidéar Clasaiceach, Laidin agus Shean-Ghréigis an Teastais Shóisearaigh don scoláire a thosóidh sa chéad bhliain roimh mhí Mheán Fómhair 2019.
Is féidir féachaint orthu sin anseo:
- https://curriculumonline.ie/Junior-cycle/Junior-Cycle-Subjects/Classical-Studies
- https://curriculumonline.ie/Junior-cycle/Junior-Cycle-Subjects/Latin
- https://curriculumonline.ie/Junior-cycle/Junior-Cycle-Subjects/Ancient-Greek
I gcás scoláirí a bheidh ag dul isteach sa chéad bhliain i mí Mheán Fómhair 2019 nó ina dhiaidh sin beidh feidhm le sonraíocht Léann Clasaiceach na Sraithe Sóisearaí. Le tacú leis an tsonraíocht, cuirfear Treoirlínte Measúnaithe agus Samplaí d’Obair Scoláirí ar fáil. Cuirfear ar fáil iad ar www.curriculumonline.ie.
Tabharfar isteach an tsonraíocht le haghaidh Léann Clasaiceach na Sraithe Sóisearaí i scoileanna i mí Mheán Fómhair 2019. Cuireadh tús le forbairt na sonraíochta i mí Mheán Fómhair 2017.
Déantar iniúchadh sa pháipéar cúlra agus sa tuarascáil chomhairliúcháin do Léann Clasaiceach na Sraithe Sóisearaí ar fhorbairt an ábhair sa tsraith shóisearach; leagtar béim ar dhea-chleachtas sa bhaile agus thar lear; agus úsáidtear taighde bunaithe ar fhianaise mar bhonn agus mar thaca d’athbhreithniú na sonraíochta.
- Background Paper and Brief for the Review of Junior Cycle Classics
- Classics Background Paper: Consultation Report