Iniúchadh na hIdirbhliana

Táimid ag lorg léirithe spéise ó scoileanna páirt a ghlacadh i gcuid scoilbhunaithe den iniúchadh seo.

26 Aibreán, 2022

Iniúchadh na hIdirbhliana

Athbhreithniú ar Chláir na hIdirbhliana – Treoirlínte do Scoileanna

Táimid ag déanamh athbhreithnithe agus uasdátú ar Cláir na hIdirbhliana - Treoirlínte do Scoileanna, arna foilsithe ag an Roinn Oideachais agus Eolaíochta i 1994. Ó shin i leith tá forbairtí suntasacha tarlaithe agus rinne scoileanna leasuithe leanúnacha dá gclár don Idirbhliain chun freastal a dhéanamh ar riachtanais a scoláirí. Ceann de na chéad chéimeanna a nglacfaimid ná iniúchadh a dhéanamh chun léargas a fháil ar na gnéithe is éifeachtaí de na cláir reatha don Idirbhliain.

Curieadh chun páirt a ghlacadh

Táimid ag lorg léirithe spéise ó scoileanna páirt a ghlacadh i gcuid scoilbhunaithe den iniúchadh seo. Tá eolas seolta chuig príomhoidí maidir le conas iarratas a dhéanamh le bheith mar chuid den iniúchadh seo. Is é an spriocdháta le haghaidh léiriú spéise ar líne ná 3.00in ar an 10ú Bealtaine 2022. Tá súil againn go dtarlóidh na cuairteanna scoile i Meán Fómhair 2022.

Beidh sé mar sprioc ag an gcomhpháirt scoilbhunaithe léargas a fháil ar na réimsí seo a leanas:
• comhpháirteanna an chláir atá mar chuid de chlár Idirbhliana na scoile
• pleanáil clár agus meastóireacht
• forás pearsanta agus feasacht shóisialta na scoláirí
• teagasc, foghlaim, measúnú agus socruithe tuairiscithe.