Comhairliúchán Bunscoile 2024

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile

Mar chuid den athfhorbairt ar Churaclam na Bunscoile, thug CNCM faoi chomhairliúchán ar Dhréachtsonraíochtaí Curaclaim na Bunscoile san Oideachas Ealaíon; ar na Nuatheangacha Iasachta (NTI) i gCuraclam Teanga na Bunscoile; ar an Oideachas Sóisialta agus Imshaoil (OSI); ar Oideachas Eolaíochta, Teicneolaíochta agus Innealtóireachta (ETI); agus ar an bhFolláine ón 6 Márta go dtí an 7 Meitheamh 2024.  

Bailíodh roinnt mhaith aiseolais le linn an chomhairliúcháin. Bhí ionchur ag raon leathan rannpháirtithe trí mhodhanna éagsúla, lena n-áirítear fócasghrúpaí, cruinnithe déthaobhacha, comhdháil chomhairliúcháin, Líonraí Scoileanna, ceistneoirí agus aighneachtaí scríofa. Chuathas i gcomhairle le páistí ó scoileanna ar fud na tíre freisin. Rinneadh anailís ar an aiseolas go léir ina dhiaidh sin agus úsáid á baint as modheolaíochtaí a bhí oiriúnach don chineál aiseolas, agus foilsíodh an dá thuarascáil chomhairliúcháin thíos dá bharr.  

Tuarascáil ar an gcomhairliúchán ar Dhréachtsonraíochtaí Curaclaim na Bunscoile

Comhairliúchán le Páistí ar Dhréachtsonraíochtaí Curaclaim na Bunscoile
 

Chomh maith leis sin, foilsítear dhá cháipéis bhreise in éineacht leis an gcéad tuarascáil seo, lena n áirítear:

Tuarascáil theicniúil ina sonraítear na bunfhreagraí ceistneoirí focal ar fhocal  

Na hAighneachtaí Scríofa a bhfuarthas toiliú foilsithe ina leith

Míle buíochas do gach éinne a ghlac páirt sa chomhairliúchán. Tá torthaí an chomhairliúcháin mar bhonn eolais faoi thabhairt chun críche na sonraíochtaí curaclaim. Is féidir tuilleadh faisnéise ar na dréachtsonraíochtaí a bhí mar ábhar don chomhairliúchán seo a fheiceáil sna cluaisíní thíos.