Ceistneoirí ar líne agus aighneachtaí scríofa

Bunscoil

13 Eanáir, 2022

Ceistneoirí ar líne agus aighneachtaí scríofa

Mar chuid den chomhairliúchán, tá dhá cheistneoir ar fáil ar líne: ceistneoir d’oideachasóirí (múinteoirí, ceannairí scoile, cleachtóirí, oideoirí múinteoirí, srl.) agus ceistneoir eile le haghaidh tuismitheoirí/ caomhnóirí.

Chomh maith leis sin is féidir le heagraíochtaí nó daoine aonair aighneacht scríofa a dhéanamh ag úsáid an teimpléid atá ar fáil ar ár suíomh gréasáin. I dteimpléad aighneachta scríofa nuashonraithe tá deis ann anois machnamh a dhéanamh ar thionchar Covid-19 ar an gcóras oideachais. Is féidir an fhoirm aighneachta chomhlánaithe a sheoladh ar ríomhphost chuig PCRRsubmissions@ncca.ie