Na chéad chéimeanna eile maidir le Curaclam Bunscoile athfhorbartha a fhorbairt

Bunscoil

11 Márta, 2022

Na chéad chéimeanna eile maidir le Curaclam Bunscoile athfhorbartha a fhorbairt

Tháinig deireadh leis an gComhairliúchán ar Dhréachtchreat Churaclam na Bunscoile ar an 28 Feabhra agus ba mhaith linn buíochas a ghabháil le gach duine a bhí rannpháirteach sa phróiseas agus a thug aiseolas ar na moltaí. Tá do chuid barúlacha ríthábhachtach chun an curaclam a mhúnlú don chéad ghlúin eile.

D’óstáil CNCM imeacht clabhsúir i bPáirc an Chrócaigh ar an 1 Márta chun deireadh an chomhairliúcháin a chomóradh. Ag an imeacht seo, ar fhreastail an tAire Oideachais air, chualathas ó sciar de na daoine a chuir leis an gcomhairliúchán, ina measc, ceannairí scoile, múinteoirí, tuismitheoirí, páistí agus páirtithe leasmhara eile. Bhí deis ag na daoine a bhí ag freastal ar an imeacht freisin a gcuid eispéireas i leith an chomhairliúcháin, chomh maith lena gcuid dearcthaí i leith na moltaí, a roinnt. Le linn an imeachta, leag CNCM amach na céad chéimeanna eile a bhaineann le Curaclam Bunscoile athfhorbartha a fhorbairt.

Sna míonna atá amach romhainn, déanfaimid anailís ar an aiseolas ó Chéim 1 agus 2 den chomhairliúchán agus scaipfimid na torthaí i dtuarascáil chomhairliúcháin. Bainfear leas as na torthaí seo mar bhonn eolais faoin gCreatchuraclam Bunscoile agus é á thabhairt chun críche. A luaithe is a fhoilseofar é in 2023, beidh an creat seo in úsáid mar threoir le haghaidh fhorbairt na sonraíochtaí le haghaidh gach ceann de na réimsí curaclaim. Cé go bhfuil pleanáil mhionsonraithe le déanamh fós maidir le hacmhainní, struchtúir agus próisis, samhlaíonn CNCM go mbeidh na sonraíochtaí go léir i ngach réimse curaclaim curtha i gcrích acu go luath in 2025.  Is faoin Aire atá sé amlíne a shocrú le haghaidh obair na scoileanna i dtaca leis an gcuraclam athfhorbartha a chur i bhfeidhm agus is í an Roinn Oideachais a leagfaidh an amlíne sin amach.  

Ná déan dearmad cuairt a thabhairt ar an suíomh gréasáin againn www.ncca.ie/ga/bunscoil/ agus sinn a leanúint ar Twitter, ar Facebook, agus ar Instagram chun tuilleadh nuashonruithe a fháil.