Tá Aistear á nuashonrú

An Luath-Óige

11 Márta, 2022

Tá Aistear á nuashonrú

Tá tús curtha ag CNCM le nuashonrú a dhéanamh ar Aistear: Creatchuraclam na Luath-Óige (CNCM, 2009). Tiocfaidh Céim 1 den chomhairliúchán chun críche ar an 29 Aibreán, 2022. Le níos mó eolais a fháil ar na cúiseanna a bhfuil CNCM ag gabháil don nuashonrú seo, is féidir breathnú ar an bhfíseán réamhráiteach; nó Páipéar Cúlra gairid a léamh faoi nuashonrú Aistear; nó éisteacht le Príomhoifigeach Feidhmiúcháin CNCM, Arlene Forster, agus í ag caint faoin bpróiseas.

Le linn an chéad dá mhí eile, beidh go leor bealaí ann trína mbeidh tú in ann do chuid tuairimí a roinnt linn, lena n-áirítear:

  1. Ceistneoir ar líne a chomhlánú: ceann dóibh siúd atá ag obair nó atá rannpháirteach san oideachas agus ceann do thuismitheoirí/chaomhnóirí.

Bainfear leas as torthaí Chéim 1 le moltaí a fhorbairt le haghaidh Aistear nuashonraithe. Ansin, reáchtálfar céim eile comhairliúcháin, bunaithe ar na moltaí sin. Is amhlaidh, sa chéim reatha seo, Céim 1, agus i gCéim 2 a thiocfaidh ina diaidh, gur mór linn bhur gcuid tuairimí. Bí páirteach agus fan ar an eolas faoina bhfuil ag tarlú trí CNCM a leanúint ar Facebook, ar Twitter nó ar Instagram.