Comhairliúchán ar an Matamaitic Bhunscoile

Leanfar an comhairliúchán faoin Dréacht-Churaclam Matamaitice na Bunscoile go deireadh mhí an Mheithimh 2022. Foghlaim tuilleadh faoin gcomhairliúchán agus faoi na bealaí ar féidir leat bheith rannpháirteach ann. 

19 Bealtaine, 2022

Comhairliúchán ar an Matamaitic Bhunscoile

D’fhoilsigh CNCM Dréacht-Churaclam Matamaitice na Bunscoile le haghaidh comhairliúcháin. Tá sé ar fáil, mar aon le Dréacht-Tacar Uirlisí Mhatamaitice na Bunscoile, ar an leathanach gréasáin don mhatamaitic bhunscoile. Ansin, gheobhaidh tú dréacht-ábhair thacaíochta chomh maith faoi thopaicí amhail conas labhairt faoin mata, tascanna atá dúshlánach go cognaíoch agus Súile Mata a fhorbairt.  

Beidh comhairliúchán ar siúl go deireadh mhí an Mheithimh agus tá roinnt bealaí ann bheith páirteach: 

Tá comhoibriú le scoileanna lárnach don phróiseas curaclam a fhorbairt in Éirinn agus, maidir le Dréacht-Churaclam Matamaitice na Bunscoile, tá CNCM ag obair le líonra éagsúil de chúig scoil déag ar fud na hÉireann. Chomh maith le dearcthaí agus tuairimí múinteoirí, ceannairí scoile agus tuismitheoirí a bhailiú, tá foireann as Coláiste Mhuire Gan Smál ag déanamh comhairliúcháin le páistí i líonra na scoileanna thar ceann CNCM.  

Ullmhófar tuairisc maidir le torthaí an chomhairliúcháin seo thar an samhradh agus foilseofar í ar ár suíomh gréasáin in am trátha.  

Is féidir fanacht ar an eolas i dtaca leis na forbairtí go léir a bhaineann leis an gcomhairliúchán ar an leathanach gréasáin tiomnaithe CNCM matamaitic bhunscoile agus níos mó a fháil amach faoin taighde cúlra agus obair forbartha taobh thiar den dréacht-churaclam. Táimid ag tnúth le cloisteáil uait.