Plean Straitéiseach 2022 – 2025 de chuid CNCM

D’fhoilsigh CNCM a Plean Straitéiseach 2022 – 2025. Tógann an Plean ar obair churaclam agus mheasúnaithe na Comhairle le trí bliana. Forbraíodh é trí rannpháirtíocht chuimsitheach le baill agus foireann na Chomhairle, agus leagann sé amach an obair atá againn don cheithre bliana atá romhainn.

19 Bealtaine, 2022

Plean Straitéiseach 2022 – 2025 de chuid CNCM

Forbraíodh Plean Straitéiseach 2022 – 2025 de chuid CNCM le linn na paindéime domhanda – tráth an-éiginnte agus dúshlánach – nuair a bhí cúis ag gach duine a bhí páirteach san oideachas sos agus machnamh a dhéanamh ar chuspóir agus príomhluachanna an oideachais.  

Sa chomhthéacs sin, tugadh cuireadh do pháirtithe leasmhara an phobail agus an oideachais plé le dréacht an Phlean Straitéisigh níos túisce i mbliana. Thug an t-aiseolas tacaíocht don Chomhairle críoch a chur ar an straitéis a faomhadh ar an 28 Feabhra.  

Léiríonn an Plean Straitéiseach fís shoiléir, misean agus prionsabail mar bhonn faoin obair go léir ar fud na heagraíochta. Leagan an straitéis pleananna uaillmhianacha amach don obair atá againn don oideachas luathóige, bunscoile agus iar-bhunscoile don cheithre bliana atá romhainn. Ina measc tá uasdátú Aistear: Creatchuraclam na Luath-óige; athfhorbairt a dhéanamh ar an gcuraclam bunscoile; tacaíocht a thabhairt d’obair na scoileanna le Creat don tSraith Shóisearach; agus athfhorbairt a dhéanamh ar an tsraith shinsearach.  

Léirítear an obair seo agus níos mó i dtrí sprioc straitéiseach—(1) Curaclam agus Measúnacht, (2) Rannpháirtíocht agus Comhoibriú agus, (3) Eolas agus Taighde. Chun na spriocanna seo a bhaint amach, tugtar tús áite do cheithre chumasóir straitéiseach—(1) Daoine agus cultúr eagraíochta, (2) Rialachas, (3) Teicneolaíocht faisnéise agus chumarsáide, agus (4) Cumarsáid.  

Agus an Plean Straitéiseach á fhorbairt ag CNCM, rinneadh iarracht cruthaitheacht agus nuálaíocht a chur le chéile mar aon le réalachas agus pragmatachas. Is féidir go n-athróidh an Plean Straitéiseach le dul chun cinn forbairtí curaclaim agus measúnachta. Tá a chur i bhfeidhm bunaithe ar inrochtaineacht thráthúil na n-acmhainní leordhóthanacha agus tacaíocht sheasmhach ó na páirtithe oideachais.