Scoilnet.ie – Tacaíocht chultúrtha agus theangeolaíoch do scoileanna

Tá CNCM ag obair leis an Roinn Oideachais agus gníomhaireachtaí eile chun tacaíochtaí a chur ar fáil do bhunscoileanna agus iar-bhunscoileanna atá ag cur fáilte roimh pháistí ón Úcráin.

19 Bealtaine, 2022

Scoilnet.ie – Tacaíocht chultúrtha agus theangeolaíoch do scoileanna

Tá CNCM ag obair leis an Roinn Oideachais agus réimse gníomhaireachtaí eile chun cur le stór lárnach de thacaíochtaí cultúrtha agus teangeolaíocha do scoileanna. Bunaíodh an tionscnamh mar chuid de fhreagairt chun fáilte a chur roimh agus tacaíocht a thabhairt do dhaoine óga agus iad ag teitheadh ón gcogadh san Úcráin agus ar lorg cosanta in Éirinn.  

Tá sé mar aidhm ag na hábhair, atá ar fáil ar scoilnet.ie, tacaíocht a thabhairt do scoileanna timpeallachta fáilteach ionchuimsitheach a chruthú do gach páiste. Mar a bheidh níos mó acmhainní ar fáil, meastar go gcuirfear leis na tacaíochta atá ann anseo do bhunscoileanna agus anseo d’iar-bhunscoileanna.  

Chuir CNCM acmhainní ábhartha do bhunscoileanna agus d’iar-bhunscoileanna le tacú le foghlaim agus Teagasc an Bhéarla mar Theanga Bhreise (EAL). Tá siad sin ar fáil ar ár suíomh gréasáin:  

 

Leagtar na hábhair seo amach chun cúnamh a thabhairt do mhúinteoirí le tacú leis an scoláire go neamhspleách comhoibríoch lena riachtanais foghlama Béarla.  

Chomh maith leis na hacmhainní don Bhéarla mar Theanga Bhreise, cuireadh na teimpléid CNCM Mo Scéal, a forbraíodh chun tacaíocht a thabhairt do pháistí agus iad ag aistriú ó réamhscoil go bunscoil, in oiriúint chun tacaíocht a thabhairt do scoláirí nua ón Úcráin. Iarrtar ar na páistí a aithint céard iad na rudaí a bhfuil spéis acu ann agus céard ba mhaith leo go mbeadh a fhios ag a múinteoir nua fúthu. Tá dhá leagan den teimpléad ar fáil do na scoileanna: