Ullmhúchán don Teagasc agus don Fhoghlaim

Níos luaithe an mhí seo, reáchtáladh seimineár gréasáin chun tacaíocht a thabhairt do mhúinteoirí agus ceannairí scoile leis an gcur chuige maidir le hullmhúchán ranga a chur i bhfeidhm a leagtar amach in Ullmhúchán don Teagasc agus don Fhoghlaim – Treoir do gach Bunscoil agus Scoil Speisialta. Seoladh leabhrán ‘Ag Cur Tús Leis’ ag an seimineár gréasáin freisin mar ábhar tacaíochta sa bhreis.

21 Deireadh Fómhair, 2022

Ullmhúchán don Teagasc agus don Fhoghlaim

Ó tugadh isteach Ullmhúchán don Teagasc agus don Fhoghlaim – Treoir do gach Bunscoil agus Scoil Speisialta, tá múinteoirí agus ceannairí scoile tar éis a gcleachtas a oiriúnú leis an tuiscint úr seo maidir le hullmhúchán seomra ranga a léiriú. Tá sé mar sprioc sa treoir, a seoladh i mí Aibreáin 2021, tacú le hullmhúchán atá úsáideach, praiticiúil agus fiúntach do gach múinteoir i ngach comhthéacs scoile.

Níos luaithe an mhí seo, d’óstáil Cumann Múinteoirí Éireann (INTO) seimineár gréasáin chun tacaíocht sa bhreis a thabhairt do mhúinteoirí agus ceannairí scoile agus Ullmhúchán don Teagasc agus don Fhoghlaim – Treoir do gach Bunscoil agus Scoil Speisialta in úsáid acu. Rinneadh an seimineár gréasáin a fhorbairt trí chomhoibriú idirghníomhaireachta agus bhí ionchur ann ón Roinn Oideachais, an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM), an Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta agus an tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí.

Seoladh leabhrán ‘Ag Cur Tús Leis’ ag an seimineár gréasáin freisin. Is é an cuspóir atá leis an leabhrán ná treoir a thabhairt do mhúinteoirí agus ceannairí scoile a gcuid ullmhúcháin a bheith níos gonta agus níos fiúntaí. Agus cur chuige ceardlainne in úsáid, spreagtar múinteoirí chun an éagsúlacht de ghníomhaíochtaí ullmhúcháin a dtugann siad fúthu a shainaithint mar aon leis an gcaoi a bhféadfaí iad seo a léiriú. Tugtar treoir do mhúinteoirí, céim ar chéim, chun cáipéisí ullmhúcháin gearrthréimhseacha a dhréachtú bunaithe ar an gcur chuige a leagtar amach sa treoir. Is féidir an leabhrán, chomh maith le réimse d’ábhar tacaíochta sa bhreis, a aimsiú anseo.