Iniúchadh ar Thabhairt isteach an Chreata don tSraith Shóisearach

Staidéar fadaimseartha – Tuarascáil eatramhach uimh. 2

25 Aibreán, 2023

Iniúchadh ar Thabhairt isteach an Chreata don tSraith Shóisearach

Is díol sásaimh don Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) é foilsiú Iniúchadh ar Thabhairt isteach an Chreata don tSraith Shóisearach: Staidéar fadaimseartha – Tuarascáil eatramhach uimh. 2. Is í seo an dara tuarascáil i sraith de thuarascálacha taighde maidir le cur i bhfeidhm agus tionchar an Chreata agus, mar sin, tá léargais eile le fáil inti maidir le heispéiris scoileanna agus iad ag obair leis an gCreat ó tugadh isteach é in 2015.