Treoirlínte do Scoileanna Cúraim agus Coinneála

Tá treoirlínte nua a thacaíonn le teagasc agus foghlaim na bpáistí atá i scoileanna cúraim agus coinneála ar fáil anois. D'oibrigh CNCM go dlúth le múinteoirí, páistí/scoláirí, ceannairí scoile i suíomhanna na hÉireann agus páirtithe leasmhara níos leithne de réir mar a d'fhorbair siad na treoirlínte seo.

01 Márta, 2023

Treoirlínte do Scoileanna Cúraim agus Coinneála

Aithnítear sna treoirlínte, an dúshlán agus an chastacht a bhaineann le freagairt do riachtanais oideachais an scoláire faoi chúram agus i scoileanna coinneála. Tá an méid seo a leanas mar chuspóir acu:  

  • cabhrú leis an bhfoireann i scoileanna cúraim agus coinneála chun conairí solúbtha a fhorbairt, agus an creatchuraclam cuí bunscoile, sraithe sóisearaí, nó sraithe sinsearaí, in úsáid, a thacaíonn le foghlaim, le múineadh, le measúnú agus le tuairisciú i gcomhthéacs gach suíomh scoile aonair 
  • tacú le rochtain agus le rannpháirtíocht fhiúntach an scoláire leis an gcreatchuraclam cuí trí chláir oideachasúla d’ardchaighdeán a fhorbairt a léiríonn meas agus a dhéanann ceiliúradh ar indibhidiúlacht gach scoláire i dtimpeallacht atá dearfach, ionchuimsitheach agus comhbhách.  
  • éascú conairí aistrithe a bhunú don scoláire chun filleadh ar scoil ar freastail siad uirthi roimhe sin nó dul chuig scoil nua; chun dul ar aghaidh chuig deiseanna eile oiliúna agus oideachais; chun dul ag obair; agus chun iad a ullmhú d’fhoghlaim ar feadh an tsaoil.  

Is cáipéis bheo iad na treoirlínte seo ina bhfuil naisc chuig beartais, suíomhanna agus acmhainní cuí.