Athbhreithniú ar Chur i bhFeidhm Luath na Sonraíochtaí Gaeilge T1 agus T2 don tSraith Shóisearach

D’fhoilsigh an CNCM an tuarascáil Athbhreithniú luath ar chur i bhfeidhm na Sonraíochtaí Gaeilge T1 agus T2 don tSraith Shóisearach le déanaí.Tharraing an t-athbhreithniú ar chur i bhfeidhm luath aird ar na láidreachtaí agus ar na dúshláin a bhaineann leis na sonraíochtaí T1 agus T2 a chur i bhfeidhm.

24 Bealtaine, 2023

Athbhreithniú ar Chur i bhFeidhm Luath na Sonraíochtaí Gaeilge T1 agus T2 don tSraith Shóisearach

D’fhoilsigh CNCM an tuarascáil Athbhreithniú luath ar chur i bhfeidhm na Sonraíochtaí Gaeilge T1 agus T2 don tSraith Shóisearach le déanaí. Thug SEALBHÚ (OCBÁC) faoin athbhreithniú seo thar ceann na Comhairle. Bhí nóta inar leagadh amach na chéad chéimeanna eile do Ghaeilge T1 agus T2 na Sraithe Sóisearaí leis an tuarascáil.

Aithníonn an tuarascáil seo na láidreachtaí agus na dúshláin a bhaineann leis na sonraíochtaí T1 agus T2.Tá athruithe láithreacha á ndéanamh ag CNCM mar fhreagra ar an méid ar leag múinteoirí agus scoláirí béim air san athbhreithniú. I measc na n-athruithe bhí:

  • laghdú ar an íosmhéid litríochta a bheidh le plé i rith thrí bliana na sraithe sóisearaí
  • Beidh MRB 1: An Phunann Teanga ar siúl sa dara bliain anois
  • Déanfar athshamhlú ar MRB 2 agus leagfar níos mó béime ar an idirghníomhaíocht labhartha.

Féach tuilleadh sonraí maidir leis na hathruithe seo i gCiorclán 0015/2023.  

Tá CNCM tiomanta freisin tabhairt faoi athbhreithniú iarchúraim ar Ghaeilge T1 agus T2 na Sraithe Sóisearaí. Cuirfear tús leis an athbhreithniú i Meán Fómhair 2023.Leagfar béim faoi leith san athbhreithniú iarchúraim ar na hoideolaíochtaí a úsáideann múinteoirí; ar fhorbairt agus measúnú scileanna labhartha; ar chuir chuige maidir le hionchuimsiú gach scoláire atá ag foghlaim Gaeilge; agus ar mheasúnú ar na hathruithe a cuireadh i bhfeidhm sa bhliain 2023.

Tabharfaidh CNCM faoi athbhreithniú agus leasú iomlán ar ábhar liostaí téacsanna Gaeilge na Sraithe Sóisearaí le linn na scoilbhliana 2023-24. Is gné riachtanach d’athrú curaclaim é guth agus ionchur múinteoirí agus dá bhrí sin tugtar cuireadh do mhúinteoirí léirithe spéise a chur isteach le páirt a ghlacadh i meithleacha forbartha maidir le liostaí téacsanna. Tá níos mó eolais ar fáil ar ár suíomh gréasáin.