Tuarascáil Chomhairliúcháin maidir le Dréachtsonraíochtaí T1 agus T2 le haghaidh Ghaeilge na hArdteistiméireachta

D’fhoilsigh an CNCM le déanaí a dTuarascáil Chomhairliúcháin maidir le Dréachtsonraíochtaí le haghaidh Ghaeilge T1 agus T2 na hArdteistiméireachta. Déantar machnamh sonrach sa tuarascáil ar an aiseolas a fuarthas maidir le dréachtsonraíochtaí T1 agus T2 le haghaidh Ghaeilge na hArdteistiméireachta.

24 Bealtaine, 2023

Tuarascáil Chomhairliúcháin maidir le Dréachtsonraíochtaí T1 agus T2 le haghaidh Ghaeilge na hArdteistiméireachta

Sa Tuarascáil Chomhairliúcháin maidir le Dréachtsonraíochtaí le haghaidh Ghaeilge T1 agus T2 na hArdteistiméireachta déantar taifeadadh ar thuairimí ó na páirtithe leasmhara a bailíodh le linn an chomhairliúcháin sa bhliain 2021 agus freagraítear iad. Déantar machnamh sonrach inti ar an aiseolas a fuarthas maidir le dréachtsonraíochtaí T1 agus T2 le haghaidh Ghaeilge na hArdteistiméireachta. Déantar cur síos inti freisin ar an aiseolas a fuarthas maidir leis na himpleachtaí féideartha a bhaineann leis na sonraíochtaí nua a chur i bhfeidhm agus tugtar breac-chuntas ar cheisteanna córasacha amhail an múnla soláthair curaclaim don Ghaeilge.

An chéad chéim eile

Tá CNCM ag cur na hoibre forbartha maidir le Dréachtsonraíochtaí T1 agus T2 le haghaidh Ghaeilge na hArdteistiméireachta ar sos.

Tá an Chomhairle ag tabhairt faoi thuilleadh taighde ar an múnla soláthair agus ar chreataí a úsáidtear chun bonn eolais a chur faoi fhorbairt curaclam le haghaidh teangacha dúchais i ndlínsí ina bhfuil próifíl chomhchosúil.

An chéad chéim eile

Reáchtálfaidh CNCM sraith seimineár do pháirtithe leasmhara chun bonn eolais a chur faoin gcomhairle maidir leis an múnla soláthair do Ghaeilge na hArdteistiméireachta, ag cur aiseolas ón gcomhairliúchán sin agus athruithe níos leithne mar chuid d’athfhorbairt na Sraithe Sinsearaí san áireamh. Mar bharr air sin, oibreoidh CNCM le príomhpháirtithe leasmhara agus le páirtithe oideachais le tús áite a thabhairt do phleanáil le haghaidh foghlaim agus tacaíocht ghairmiúil fheabhsaithe.

Cá háit ar féidir liom coimeád suas chun dáta agus nuashonruithe a fháil?

Is féidir nóta eolais ina dtugtar forléargas ar an tuarascáil ar na chéad chéimeanna eile a léamh ach seo a bhrú. Coinnigh suas chun dáta leis na forbairtí ar fad ar www.ncca.ie