Tá an Páipéar Cúlra don athbhreithniú ar Fhisic, Ceimic agus Bitheolaíocht na hArdteistiméireachta agus an tuarascáil chomhairliúcháin tacaíochta ar an gcéanna ar fáil le híoslódáil thíos:
- Dréacht-cháipéis eolais agus treoir d’fhorbairt Fhisic, Cheimic agus Bhitheolaíocht na hArdteistiméireachta (Meán Fómhair 2019)
- Tuarascáil maidir leis an gcomhairliúchán ar an dréacht-Cháipéis Eolais agus Treoir don athbhreithniú ar Fhisic, Ceimic agus Bitheolaíocht na hArdteistiméireachta (Eanáir 2020)
Tuarascáil ar an gcomhairliúchán maidir le dréachtso... (ncca.ie)
Reáchtáladh an cruinniú ionduchtúcháin don mheitheal forbartha nua le haghaidh Cheimic na hArdteistiméireachta ar an 13 Meán Fómhair 2019 i mBaile Átha Luain agus reáchtálfar sraith cruinnithe sna míonna ina dhiaidh sin.
Is féidir teacht ar chuir síos bheaga chomhaontaithe ar na cruinnithe a tharla go dtí seo anseo thíos:
- Cruinniú na Meithle Forbartha #22 - 080524
- Cruinniú na Meithle Forbartha #20-21 - 150424/160424
- Cruinniú na Meithle Forbartha #19 - 080324
- Cruinniú na Meithle Forbartha ar líne #18 - 131123
- Cruinniú na Meithle Forbartha #17 - 261023
- Cruinniú na Meithle Forbartha #16 - 160523
- Cruinniú na Meithle Forbartha #14 #15 - 121121
- Cruinniú na Meithle Forbartha #13 - 191021
- Cruinniú na Meithle Forbartha #12 - 060921
- Cruinniú na Meithle Forbartha #11 - 230321
- Cruinniú na Meithle Forbartha #10 - 100221
- Cruinniú na Meithle Forbartha #9 - 111220
- Cruinniú na Meithle Forbartha #8 - 121120
- Cruinniú na Meithle Forbartha #7 - 211020
- Cruinniú na Meithle Forbartha #6 - 060320
- Cruinniú na Meithle Forbartha #5 - 110220
- Cruinniú na Meithle Forbartha #4 - 150120
- Cruinniú na Meithle Forbartha #3 - 021219
- Cruinniú na Meithle Forbartha #2 - 181119
- Cruinniú na Meithle Forbartha #1 - 101019
Forbraíodh sonraíocht nua do Cheimic na hArdteistiméireachta, atá le tabhairt isteach do dhaltaí na cúigiú bliana i Meán Fómhair 2025, in áit shiollabas reatha Cheimic na hArdteistiméireachta a scrúdófar den uair dheireanach i Meitheamh 2026.
Is féidir teacht ar an tsonraíocht nua agus ar an siollabas reatha ag:
Cuireadh tús le forbairt sonraíochta le haghaidh Cheimic don Ardteistiméireacht i mí na Samhna 2006. Foilsíodh an dréachtsonraíocht le haghaidh comhairliúcháin in 2012. Tá an tuarascáil chomhairliúcháin ar fáil anseo.
Áiríodh sa tsonraíocht sin don cheimic moladh le haghaidh measúnú praiticiúil. Rinne Coimisiún na Scrúduithe Stáit triail ar an measúnú praiticiúil agus críochnaíodh é in 2018. Rinneadh athbhreithniú ar an dréachtsonraíocht i bhfianaise na trialach agus na gcomhairliúchán ach níor cuireadh i bhfeidhm é.
Bhí ionadaithe i Meitheal Forbartha na Ceimice ó réimse páirtithe leasmhara oideachais, lena n-áirítear comhlachtaí múinteoirí agus bainistíochta, an Roinn Oideachais agus Scileanna, agus Coimisiún na Scrúduithe Stáit.