Drámaíocht, Amharclannaíocht agus Scannánaíocht

Cuirfear tús go luath le forbairt sonraíocht nua do Drámaíocht, Amharclannaíocht agus Scannánaíocht na hArdteistiméireachta.

 

Comhthéacs

Cuireann CNCM comhairle ar an Aire Oideachais faoi churaclam agus faoi mheasúnú don oideachas luathóige, bunscoile agus iar-bhunscoile. Mar chuid den athchóiriú níos leithne ar an tSraith Shinsearach, táthar ag súil go gcuirfear an tsonraíocht nua don Drámaíocht, Amharclannaíocht agus Scannánaíocht i bhfeidhm i scoileanna ar bhonn céimnithe ó Meán Fómhar 2025. Beidh ról lárnach ag an nGrúpa Forbartha Drámaíocht, Amharclannaíocht agus Scannánaíocht san obair seo. Áireofar sa Ghrúpa ainmnithe ó na comhpháirtithe oideachais, ón Roinn Oideachais agus ó na príomhghníomhaireachtaí oideachais eile. 

Is éard atá i gceist leis an gcéad chéim d’fhorbairt na sonraíochta ná grúpa forbartha a thionól agus comhairliúchán ar an bpáipéar cúlra. Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil faoi seo thíos.

 

Tá an Dréachtsonraíocht do Léann na Drámaíochta, na Scannán agus na hAmharclannaíochta (an Ardteistiméireacht) ceadaithe do chomhairliúchán poiblí.

Maireann an tréimhse chomhairliúcháin ón 2 Feabhra go dtí an 5 Aibreán 2024

Is éard atá i gceist leis an gcomhairliúchán ná teagmháil dhomhain le réimse leathan páirtithe leasmhara ar fud na hÉireann. Tá teagmháil déanta ag CNCM le scoileanna freisin chun páirt a ghlacadh i bhfócasghrúpaí scoilbhunaithe a bhfuil múinteoirí, daltaí agus ceannairí scoile páirteach iontu.

Tugaimid cuireadh duit a bheith páirteach agus do thuairim a chur in iúl ar an dréachtsonraíocht. Is féidir leat:

Comhlánaigh suirbhé ar líne


Comhlánaigh foirm aighneachta ar líne

Déan iarratas chun freastal ar imeacht chomhairliúcháin Dé Céadaoin, 13 Márta 2024 in Óstán an Strand, Luimneach ó 11.00rn go 2.00in. Dúnfar na hiarratais Dé hAoine 23 Feabhra 2024 agus tá líon teoranta áiteanna.. Déanfar teagmháil leis an lucht freastail trí ríomhphost tar éis an spriocdháta 23 Feabhra

Cabhróidh an t-aiseolas ón gcomhairliúchán seo le bonn eolais a chur faoi obair Ghrúpa Léann na Drámaíochta, na Scannán agus na hAmharclannaíochta (an Ardteistiméireacht) chun an dréachtsonraíocht a bheachtú sula gceadófar agus sula bhfoilseofar í go scoile críochnaitheach í agus sula bhfoilseofar í.

Ba í Cáipéis eolais a fhoilsiú agus taighde a dhéanamh uirthi agus Treoir don athbhreithniú ar Léann na Drámaíochta, na Scannán agus na hAmharclannaíochta de chuid na hArdteistiméireachta an chéad chéim ó thaobh forbairt an ábhair sin de.

Cáipéis Eolais agus Treoir don Athbhreithniú ar Léann na Drámaíochta, na Scannán agus na hAmharclannaíochta de chuid na hArdteistiméireachta.

Tionóladh comhairliúchán poiblí ar an gCáipéis eolais agus treoir ón 5 Meán Fómhair 2022 go dtí an 28 Deireadh Fómhair 2022. 


Tháinig an meitheal forbartha le haghaidh Léann na Drámaíochta, na Scannán agus na hAmharclannaíochta de chuid na hArdteistiméireachta le chéile an 27 Meán Fómhair 2022 agus cuirfear forbairt sonraíochta nua chun cinn mar gheall ar threoir agus torthaí an chomhairliúcháin a bhaineann leis an gCáipéis eolais.

Forbrófar Léann na Drámaíochta, na Scannán agus na hAmharclannaíochta de chuid na hArdteistiméireachta chun tacú le fíorú an chuspóra agus na físe le haghaidh sraith shinsearach athfhorbartha mar a leagtar amach in Athbhreithniú na Sraithe Sinsearaí: Tuarascáil Chomhairleach (CNCM, 2022). Cuireann na treoirphrionsabail caighdeán ar fáil don mheitheal forbartha mar a chuirtear síos orthu sa Tuarascáil Chomhairleach le linn dóibh a bheith ag ullmhú sonraíocht churaclaim le haghaidh Léann na Drámaíochta, na Scannán agus na hAmharclannaíochta de chuid na hArdteistiméireachta.