Ealaín

Déantar staidéar ar cheithre phríomhréimse de Stair agus Léirthuiscint na hEalaíne, Ábhar Neamhbheo, Cumadóireacht Shamhlaíoch, Dearadh agus Ceardaíocht in Ealaín na hArdteistiméireachta (lena n-áirítear Ceardaíocht). Bun-úsáid staidéir bhreathnaitheacha atá mar thaca acu seo uile, a chumasaíonn an scoláire chun réimse saothair a fhorbairt agus a chuid scileanna agus eolais a fhorbairt. Tá sé tábhachtach freisin staidéar a dhéanamh ar fhoirmeacha ealaíne ón am a chuaigh thart agus ón am i láthair chun bonn eolais a chur faoin obair seo.

Tá sonraíocht nua Ealaín na hArdteistiméireachta á forbairt. Tá siollabas reatha Ealaín na hArdteistiméireachta (lena n-áirítear Ceardaíocht) ar fáil anseo. Déantar é a mheas ar Ghnáthleibhéal agus ar Ardleibhéal.

Cuireadh tús le sonraíocht nua a fhorbairt don Ealaín san Ardteistiméireacht i mí na Bealtaine 2017.

Díríodh sa doiciméad eolais ar staid reatha an ábhair agus ar fhorbairtí le déanaí leis an tsonraíocht nua Amharc-Ealaín na Sraithe Sóisearaí, ar thaighde reatha agus ar fhorbairtí san ealaín go ginearálta chomh maith le curaclaim ó dhlínsí eile.

Tá ionadaithe i nGrúpa Forbartha na hEalaíne ó réimse páirtithe leasmhara oideachais, lena n-áirítear comhlachtaí múinteoirí agus bainistíochta, an Roinn Oideachais agus Scileanna, agus Coimisiún na Scrúduithe Stáit.