Gníomhú ar son na hAeráide agus Forbairt Inbhuanaithe

Tosófar go luath ar an tsonraíocht le haghaidh ábhar nua Ardteistiméireachta – Gníomhú ar son na hAeráide agus Forbairt Inbhuanaithe.

Comhthéacs
Cuireann CNCM comhairle ar an Aire Oideachais faoi chúrsaí curaclaim agus measúnaithe don oideachas luath-óige, do bhunscoileanna agus d’iar-bhunscoileanna. Mar chuid den athchóiriú níos leithne ar an tSraith Shinsearach, táthar ag súil go dtabharfar sonraíocht nua le haghaidh Ghníomhú ar son na hAeráide agus Forbairt Inbhuanaithe isteach i scoileanna ar bhonn céimnithe ó mhí Mheán Fómhair 2025.  Beidh ról ríthábhachtach san obair seo ag an Meitheal Forbartha um Ghníomhú ar son na hAeráide agus Forbairt Inbhuanaithe na hArdteistiméireachta. Cuimseofar sa Mheitheal ainmnithe de chuid na gcomhpháirtithe oideachais, na Roinne Oideachais agus príomhghníomhaireachtaí oideachais eile. 

 

Mar chuid de chéad chéim fhorbairt na sonraíochta, tiocfaidh meitheal forbartha le chéile agus reáchtálfar comhairliúchán ar an gcáipéis eolais. Is féidir tuilleadh eolais maidir leis seo a fháil thíos.

 

Tá an Dréachtsonraíocht do Ghníomhú ar son na hAeráide agus Forbairt Inbhuanaithe na hArdteistiméireachta ceadaithe do chomhairliúchán poiblí.

Tá an comhairliúchán dúnta anois

Cabhróidh an t-aiseolas ón gcomhairliúchán seo le bonn eolais a chur faoi obair Ghrúpa Ghníomhú ar son na hAeráide agus Forbairt Inbhuanaithe (an Ardteistiméireacht) chun an dréachtsonraíocht a bheachtú sula gceadófar go críochnaitheach í agus sula bhfoilseofar í.

Ba í an chéad chéim a glacadh i dtreo fhorbairt Ghníomhú ar son na hAeráide agus Forbairt Inbhuanaithe (an Ardteistiméireacht) ná an fhorbairt a rinneadh ar Cháipéis eolais agus treoir le haghaidh fhorbairt an ábhair. 

Bhí comhairliúchán poiblí ar an gCáipéis Eolais agus Treoir ar siúl idir an 5 Meán Fómhair 2022 agus an 28 Deireadh Fómhair 2022agus foilsíodh tuarascáil ar an gcomhairliúchán i mí na Nollag 2022.

Tháinig an mheitheal forbartha le haghaidh Ghníomhú ar son na hAeráide agus Forbairt Inbhuanaithe (an Ardteistiméireacht) le chéile an 27 Meán Fómhair 2022 agus cuirfear forbairt sonraíochta nua chun cinn mar gheall ar threoir agus torthaí an chomhairliúcháin a bhaineann leis an gCáipéis eolais.

Déanfar Gníomhú ar son na hAeráide agus Forbairt Inbhuanaithe (an Ardteistiméireacht) a fhorbairt le go dtacófar le baint amach an chuspóra agus na físe le haghaidh sraith shinsearach athfhorbartha, mar a leagtar amach in Athbhreithniú ar an tSraith Shinsearach: Tuarascáil Chomhairleach (CNCM, 2022). Cuireann na treoirphrionsabail, mar a chuirtear síos orthu sa Tuarascáil Chomhairleach, caighdeán ar fáil don Mheitheal Forbartha le linn dóibh a bheith ag ullmhú sonraíocht churaclaim le haghaidh Ghníomhú ar son na hAeráide agus Forbairt Inbhuanaithe (an Ardteistiméireacht).

Is féidir teacht ar chuir síos bheaga chomhaontaithe ar na cruinnithe a tharla go dtí seo anseo thíos: