Nascmhodúil Ghairmchlár na hArdteistiméireachta (GCAT)

Cuireadh tús le forbairt sonraíochta nua le haghaidh Nascmhodúil Ghairmchlár na hArdteistiméireachta.

Cuireann CNCM comhairle ar an Aire Oideachais faoi chúrsaí curaclaim agus measúnaithe don oideachas luathóige, do bhunscoileanna agus d’iar-bhunscoileanna. Mar chuid den athfhorbairt níos leithne ar an tsraith shinsearach, táthar ag súil go gcuirfear Nascmhodúil leasaithe do Ghairmchlár na hArdteistiméireachta (GCAT) i bhfeidhm i scoileanna ó Mheán Fómhair 2026. Beidh ról lárnach ag an Meitheal Forbartha ar athfhorbairt ar Nascmhodúil Ghairmchlár na hArdteistiméireachta san obair seo. Cuimsíonn an mheitheal seo ainmnithe de chuid na gcomhpháirtithe oideachais agus príomhghníomhaireachtaí oideachais eile.

Is féidir eolas a fháil ar an obair forbartha thíos lena n-áirítear an cháipéis eolais agus treoir don athbhreithniú don ábhar seo, agus nóta ó gach ceann de chruinnithe na meithle forbartha. 

Tá an Dréachtsonraíocht do Staidéar Pobail, Saoil agus Oibre na hArdteiste (ar a dtugtaí GCAT) ceadaithe le haghaidh comhairliúcháin phoiblí.

Dréachtsonraíocht le haghaidh Staidéar Pobail, Saoil agus Oibre na hArdteste (ar a dtugtaí GCAT)

 

Maireann an tréimhse chomhairliúcháin ón 24 Feabhra go dtí an 25 Aibreán 2025. Is éard atá i gceist leis an gcomhairliúchán ná teagmháil dhomhain le raon leathan páirtithe leasmhara ar fud na hÉireann. Tá teagmháil déanta ag CNCM le scoileanna freisin chun páirt a ghlacadh i bhfócasghrúpaí scoilbhunaithe a bhfuil múinteoirí, daltaí agus ceannairí scoile páirteach iontu. 

 
Tugaimid cuireadh duit a bheith páirteach agus do thuairim a chur in iúl ar an dréachtsonraíocht.

 Má tá tú ag freagairt mar dhuine aonair (múinteoir / tuismitheoir / mac léinn / ceannaire scoile / oideachasóir múinteora / léachtóir/ taighdeoir) comhlánaigh an suirbhé ar líne le do thoil 

Má tá tú ag freagairt thar ceann eagraíochta, comhlánaigh an fhoirm aighneachta ar líne le do thoil agus seol chuig scconsultations@ncca.ie roimh 25 Aibreán ag 5i.n.

Freastal ar an imeacht chomhairliúcháin; Déan iarratas chun freastal ar an ócáid chomhairliúcháin ar an 1 Aibreán 2025. Tá clárú don imeacht comhairliúcháin seo dúnta anois

 

Cabhróidh an t-aiseolas ón gcomhairliúchán seo le bonn eolais a chur faoi obair na foirne forbartha thar ceann Communimty, Staidéar Saoil agus Oibre na hArdteistiméireachta (ar a dtugtaí GCAT) chun an dréachtsonraíocht a bheachtú sula gceadófar í ar deireadh, agus sula bhfoilseofar í.

 

 

Ba é an chéad chéim in athfhorbairt Nascmhodúil Ghairmchlár na hArdteistiméireachta ná páipéar cúlra agus coimre a fhorbairt don athbhreithniú ar an ábhar.

 

Thionóil comhairliúchán poiblí ar an gCáipéis Eolais agus Treoir don athfhorbairt ón 8ú Aibreán go dtí an 17ú Bealtaine 2024 agus foilsíodh tuarascáil ar an gcomhairliúchán i mí Mhéan Fómhair 2024.

 

Tháinig an meitheal forbatha le haghaidh Nascmhodúil Ghairmchlár na hArdteistiméireachta (GCAT) le Chéile an 27ú Feabhra 2024 agus cuirfear forbairt sonraíochta nua chun cinn tar éis na treorach a bhaineann leis an Doiciméad Faisnéise.

Cruinniú 1: 27 Feabhra 2024

Cruinniú 2: 12 Aibreán 2024

Cruinniú 3: 22 Bealtaine 2024

Cruinniú 4: 10 Mean Fómhair 2024

Cruinniú 5: 7 Deireadh Fómhair 2024

Cruinniú 6: 5 Samhain 2024

Cruinniú 7: 5 Nollaig 2024

Cruinniú 8: 8 Eanáir 2025