Cuireann CNCM comhairle ar an Aire Oideachais faoi chúrsaí curaclaim agus measúnaithe don oideachas luathóige, do bhunscoileanna agus d’iar-bhunscoileanna. Mar chuid den athfhorbairt níos leithne ar an tsraith shinsearach, táthar ag súil go gcuirfear an tsonraíocht nua le haghaidh Staidéar Foirgníochta na hArdteistiméireachta i bhfeidhm i scoileanna ó Mheán Fómhair 2026. Beidh ról lárnach ag Meitheal Forbartha Staidéar Foirgníochta na hArdteistiméireachta san obair seo. Cuimsíonn an mheitheal seo ainmnithe de chuid na gcomhpháirtithe oideachais agus príomhghníomhaireachtaí oideachais eile.
Is féidir eolas a fháil ar an obair forbartha ábhair thíos lena n-áirítear an cháipéis eolais agus treoir don athbhreithniú don ábhar seo, agus nóta ó gach ceann de chruinnithe na meithle forbartha.
- Comhairliúchán ar an Dréachtsonraíocht le haghaidh Theicneolaíocht Foirgníochta na hArdteistiméireachta
- Forbairt Ábhar
Tá an Dréachtsonraíocht le haghaidh Theicneolaíocht Foirgníochta na hArdteistiméireachta (Staidéar Foirgníochta roimhe seo) do chomhairliúchán poiblí.
• Dréachtsonraíocht le haghaidh Theicneolaíocht Foirgníochta na hArdteistiméireachta
Bhí an Dréachtsonraíocht le haghaidh Theicneolaíocht Foirgníochta na hArdteistiméireachta ceadaithe do chomhairliúchán poiblí ón 03 Márta go dtí an 02 Bealtaine 2025.Tá an comhairliúchán dúnta anois.
Ba é an chéad chéim in athfhorbairt Staidéar Foirgníochta na hArdteistiméireachta ná páipéar Cúlra a fhorbairt agus achoimre don athbhreithniú ar an ábhar.
Thionóil comhairliúchán poiblí ar an gCáipéis Eolais agus Treoir don athfhorbairt ón 8ú Aibreán go dtí an 17ú Bealtaine 2024 agus foilsíodh tuarascáil ar an gcomhairliúchán i mí Mhéan Fómhair 2024.
Tháinig an mheitheal forbartha do Staidéar Foirgníochta na hArdteistiméireachta le chéile ar an 27 Feabhra 2024 agus cuirfidh sé forbairt sonraíochta athfhorbartha mar gheall ar an treoir chomhaontaithe chun cinn.
Is féidir teacht ar chuir síos bheaga ar na cruinnithe a tharla go dtí seo anseo thíos.
- Cruinniú 1: 27 Feabhra 2024
- Cruinniú 2: 09 Aibreán 2024
- Cruinniú 3: 13 Bealtaine 2024
- Cruinniú 4: 11 Meán Fómhair 2024
- Cruinniú 5: 23 Meán Fómhair2024
- Cruinniú 6: 02 Deireadh Fómhair 2024
- Cruinniú 7: 07 Samhain 2024
- Cruinniú 8: 03 Nollaig 2024
- Cruinniú 9: 15 Eanáir 2025
- Cruinniú 10: 27 Eanáir 2025
- Cruinniú 11: 06 Feabhra 2025
- Cruinniú 12: 29 Aibreán 2025
- Cruinniú 13: 14 Bealtaine 2025