Tíreolaíocht

Cuireadh tús le forbairt sonraíochta nua le haghaidh Thíreolaíocht na hArdteistiméireachta.

Cuireann CNCM comhairle ar an Aire Oideachais faoi chúrsaí curaclaim agus measúnaithe don oideachas luathóige, do bhunscoileanna agus d’iar-bhunscoileanna. Mar chuid den athfhorbairt níos leithne ar an tsraith shinsearach, táthar ag súil go gcuirfear an tsonraíocht nua le haghaidh Thíreolaíocht na hArdteistiméireachta i bhfeidhm i scoileanna ó Mheán Fómhair 2026. Beidh ról lárnach ag Meitheal Forbartha Thíreolaíocht na hArdteistiméireachta san obair seo. Cuimsíonn an mheitheal seo ainmnithe de chuid na gcomhpháirtithe oideachais agus príomhghníomhaireachtaí oideachais eile.

Is féidir eolas a fháil ar an obair forbartha ábhair thíos lena n-áirítear an cháipéis eolais agus treoir don athbhreithniú don ábhar seo, agus nóta ó gach ceann de chruinnithe na meithle forbartha. 

Tá an Dréachtsonraíocht do Tíreolaíocht na hArdteistiméireachta ceadaithe do chomhairliúchán poiblí.

•    Dréachtsonraíocht do Tíreolaíocht na hArdteistiméireachta 

Maireann an tréimhse chomhairliúcháin ón 24 Feabhra go dtí an 25 Aibreán 2025.

Is éard atá i gceist leis an gcomhairliúchán ná teagmháil dhomhain le réimse leathan páirtithe leasmhara ar fud na hÉireann. Tá teagmháil déanta ag CNCM le scoileanna freisin chun páirt a ghlacadh i bhfócasghrúpaí scoilbhunaithe a bhfuil múinteoirí, daltaí agus ceannairí scoile páirteach iontu.

Cabhróidh an t-aiseolas ón gcomhairliúchán seo le bonn eolais a chur faoi obair an meitheal forbartha ar son Tíreolaíocht na hArdteistiméireachta chun an dréachtsonraíocht a bheachtú sula gceadófar go críochnaitheach í, agus sula bhfoilseofar í.

Tugaimid cuireadh duit a bheith páirteach agus do thuairim a chur in iúl ar an dréachtsonraíocht. 

Má tá tú ag freagairt mar dhuine aonair (múinteoir / tuismitheoir / mac léinn / ceannaire scoile / oideachasóir múinteora / léachtóir/ taighdeoir), comhlánaigh an suirbhé ar líne le do thoil roimh 25 Aibreán ag 5in.

Má tá tú ag freagairt thar ceann eagraíochta, comhlánaigh an fhoirm aighneachta le do thoil agus seol chuig scconsultations@ncca.ie roimh 25 Aibreán ag 5in.

Déan iarratas chun freastal ar an imeacht chomhairliúcháin ar 25 Márta. Dúnann na hiarratais ar 12 Márta agus tá líon teoranta áiteanna. Déanfar teagmháil le lucht freastail ar ríomhphost tar éis an spriocdháta. Tá clárú don imeacht comhairliúcháin seo dúnta anois.

Ba é an chéad chéim in athfhorbairt Thíreolaíocht na hArdteistiméireachta ná páipéar Cúlra a fhorbairt agus achoimre don athbhreithniú ar an ábhar.

Thionóil comhairliúchán poiblí ar an gCáipéis Eolais agus Treoir don athfhorbairt ón 8ú Aibreán go dtí an 17ú Bealtaine 2024 agus foilsíodh tuarascáil ar an gcomhairliúchán i mí Mhéan Fómhair 2024.

Tháinig an mheitheal forbartha do Tíreolaíocht na hArdteistiméireachta le chéile ar an 27 Feabhra 2024 agus cuirfidh sé forbairt sonraíochta athfhorbartha mar gheall ar an treoir chomhaontaithe chun cinn. Is féidir teacht ar chuir síos bheaga ar na cruinnithe a tharla go dtí seo anseo thíos.