Anailís agus Feasacháin

Léigh an feasachán CNCM is deireanaí ó thimthriall a dó agus anailís ESRI agus feasachán CNCM ó thimthriall a haon.

Thug aon bhunscoil is dhá scór ar fud na hÉireann faoi thionscadal uaillmhianach i mBealtaine 2018 chun a smaointe maidir le cuspóir oideachas na Sraithe Sinsearaí in Éirinn a chur le chéile agus a roinnt le CNCM agus leis an tír. Is éard atá sa téacs seo léargas ar thaipéis shaibhir na smaointe sin a tháinig chun cinn ó mhúinteoirí, scoláirí agus ó thuismitheoirí agus iad ag plé cuspóir oideachas na Sraithe Sinsearaí in Éirinn, ag fiosrú taithí na scoláirí agus tugadh moltaí maidir le treonna féideartha don tsraith shinsearach amach anseo. Iarraimid ort tuairisc iomlán ITES a léamh, Senior Cycle Review: Analysis of Discussions with Schools on the Purpose of Senior Cycle Education.
D’fhiosraigh scoileanna, i dTimthriall 2 den athbhreithniú seo, na conairí atá ar fáil don scoláire agus cén tsolúbthacht atá ar fáil faoin gcóras, nó ba cheart a chur ar fáil, chun tacú le gach scoláire a barr a gcumais a bhaint amach. Foilsíodh dara feasachán agus páipéar oibre ITES chun aiseolas a bhailiú ón gcéim sin den athbhreithniú.
Rith an tríú céim den athbhreithniú ó mhí an Mheithimh go mí na Samhna 2019, ina raibh comhairliúchán poiblí ar na smaointe a tháinig chun cinn i gcéim a haon agus a dó. Tá an t-aiseolas ón gcéim sin den athbhreithniú ar fáil anois sa Tuarascáil Chomhairliúcháin Phoiblí 2019.