Ceol

Dírítear sa tsonraíocht do Cheol na Sraithe Sóisearaí ar an deis a thabhairt don scoláire a eolais ceoil, a scileanna agus a fheasacht chultúrtha a fhorbairt, trí rannpháirtíocht phraiticiúil agus chognaíoch sa cheol. Is féidir é sin a bhaint amach trí na trí shnáithe idirnasctha: Eolas gnásúil, Nuáil agus samhlaigh agus Cultúr agus comhthéacs.

Tá an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) ag tabhairt faoi athbhreithnithe ar chur i bhfeidhm luath sonraíochtaí Sraithe Sóisearaí ábhair na Staire, na hEacnamaíochta Baile, na Tíreolaíochta, na Mhatamaitic agus an Cheoil (Céim 4). Tá roinnt gnéithe ag baint leis an gcomhairliúchán, lena n-áirítear aighneachtaí i scríbhinn, suirbhé do mhúinteoirí agus gné amháin atá bunaithe ar scoil. Teastaíonn ó CNCM tuairimí a fháil ó réimse páirtithe, lena n-áirítear páirtithe leasmhara oideachais, múinteoirí atá ag cleachtadh a ngairme agus scoláirí ar spéis leo cur leis an athbhreithniú ar chur i bhfeidhm luath seo.

Is é cuspóir an athbhreithnithe seo ná aiseolas a bhailiú ó bhainistíocht scoile, ó mhúinteoirí/oideoirí, agus ó pháirtithe leasmhara maidir le taithí ar na hábhair seo agus na socrúcháin mheasúnaithe a bhaineann leo i scoileanna.

Is féidir leat páirt a ghlacadh sa chomhairliúchán seo tríd an suirbhé ar líne a chomhlánú.

Suirbhé ar Líne

Is féidir leat páirt a ghlacadh sa chomhairliúchán seo trí aighneacht i scríbhinn a chur isteach ag baint úsáid as an teimpléad seo.

Teimpléad Aighneachtaí Scríofa

Seol an aighneacht i scríbhinn agus é críochnaithe agat ar ríomhphost chuig consultations@ncca.ie le do thoil agus cuir "SS Céim 4 Athbhreithniú ar Chur i bhFeidhm Luath (Ainm an Ábhair) Aighneacht i Scríbhinn" i líne an ábhair.

Déanfar anailís ar an aiseolas go léir agus foilseofar tuarascáil ar Chur i bhFeidhm Luath.

Cuirfear deireadh leis an bpróiseas athbhreithnithe seo Déardaoin an 29 Feabhra ag 5 in.

Is é is aidhm leis an gceol cur le forbairt na feasachta agus na tuisceana ealaíonta, féinléiriú, féinmhuinín, samhlaíocht agus íogaireacht ilchultúrtha gach scoláire. Forbróidh an scoláire an t-eolas, na scileanna agus an tuiscint atá riachtanach chun ceol barántúil agus bunaidh, arb é a gceol féin agus ceol daoine eile. Trína dhéanamh sin, forbróidh sé an litearthacht cheoil, na scileanna criticiúla agus an teanga atá riachtanach le dul i ngleic le domhan an cheoil inniu.

I gcás scoláirí a bheidh ag dul isteach sa chéad bhliain i mí Mheán Fómhair 2018 nó ina dhiaidh sin beidh feidhm le sonraíocht Ceoil na Sraithe Sóisearaí. Le tacú leis an tsonraíocht, tá Treoirlínte Measúnaithe agus Samplaí Oibre ar fáil.

Is féidir féachaint orthu sin anseo

Tugadh isteach an tsonraíocht le haghaidh Cheol na Sraithe Sóisearaí i scoileanna i mí Mheán Fómhair 2018. Cuireadh tús le forbairt na sonraíochta i mí Eanáir 2016.

Déantar iniúchadh sa cháipéis eolais agus sa tuarascáil chomhairliúcháin do Cheol na Sraithe Sóisearaí ar fhorbairt an ábhair sa tsraith shóisearach; leagtar béim ar dhea-chleachtas sa bhaile agus thar lear; agus úsáidtear taighde bunaithe ar fhianaise mar bhonn agus mar thaca d’athbhreithniú na sonraíochta. Is féidir teacht orthu siúd ag na naisc thíos. 

Tá ionadaithe i nGrúpa Forbartha an Cheoil ó réimse páirtithe leasmhara oideachais, lena n-áirítear comhlachtaí múinteoirí agus bainistíochta, an Roinn Oideachais agus Scileanna, agus Coimisiún na Scrúduithe Stáit. Is féidir teacht ar thuarascálacha ó chruinnithe an ghrúpa forbartha anseo.

Forbraíodh dréachtsonraíocht do Cheol na Sraithe Sóisearaí ó mhí Eanáir 2016 go mí an Mhárta 2017. Tá an dréachtsonraíocht agus an tuarascáil chomhairliúcháin ar fáil anseo.