Léann Clasaiceach

Tá sé d’aidhm le Léann Clasaiceach na Sraithe Sóisearaí cur le forbairt léirthuisceana do shibhialtachtaí clasaiceacha na Gréige agus na Róimhe agus teangacha na Sean-Ghréigise agus na Laidine. Spreagtar an scoláire sa tsonraíocht leis féin a chur in iúl, cuirtear féinmhuinín agus féinmhachnamh chun cinn, músclaítear a shamhlaíocht, spreagtar íogaire ilchultúrtha, agus dá bhrí sin, tacaítear le forbairt an duine iomláin.

Tá an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) ag tabhairt faoi athbhreithnithe ar chur i bhfeidhm luath sonraíochtaí Sraithe Sóisearaí ábhar Léann Clasaiceach] (Céim 5). Tá roinnt gnéithe ag baint leis an gcomhairliúchán, lena n-áirítear aighneachtaí i scríbhinn, suirbhé ar líne agus gné amháin atá bunaithe ar scoil. Teastaíonn ó CNCM tuairimí a fháil ó réimse páirtithe, lena n-áirítear páirtithe leasmhara oideachais, múinteoirí atá ag cleachtadh a ngairme agus scoláirí ar spéis leo cur leis an athbhreithniú ar chur i bhfeidhm luath seo.

Is é cuspóir an athbhreithnithe seo ná aiseolas a bhailiú ó bhainistíocht scoile, ó mhúinteoirí/oideoirí, ó scoláirí agus ó pháirtithe leasmhara maidir le taithí ar na hábhair seo agus na socrúcháin mheasúnaithe a bhaineann leo i scoileanna.

Is féidir leat páirt a ghlacadh sa chomhairliúchán seo tríd an suirbhé ar líne a chomhlánú.

Is féidir leat páirt a ghlacadh sa chomhairliúchán seo trí aighneacht i scríbhinn a chur isteach ag baint úsáid as an teimpléad seo.

Seol an aighneacht i scríbhinn agus é críochnaithe agat ar ríomhphost chuig consultations@ncca.ie le do thoil agus cuir "SS Céim 5 Athbhreithniú ar Chur i bhFeidhm Luath (Ainm an Ábhair) Aighneacht i Scríbhinn" i líne an ábhair.

Déanfar anailís ar an aiseolas go léir agus foilseofar tuarascáil ar Chur i bhFeidhm Luath.

Cuirfear deireadh leis an bpróiseas athbhreithnithe seo Dé hAoine an 28 Feabhra, 2025 ag 5 in.

Forbróidh an scoláire an t-eolas, na scileanna agus an tuiscint a theastaíonn chun dul i ngleic leis na sibhialtachtaí uathúla sin, agus trína dhéanamh sin, forbróidh sé an litearthacht amhairc, na scileanna criticiúla agus an teanga atá riachtanach le dul i ngleic le domhan ilchineálach na linne seo. 

Beidh feidhm le siollabas Staidéar Clasaiceach, Laidin agus Shean-Ghréigis an Teastais Shóisearaigh don scoláire a thosóidh sa chéad bhliain roimh mhí Mheán Fómhair 2019.

Is féidir féachaint orthu sin anseo: 

I gcás scoláirí a bheidh ag dul isteach sa chéad bhliain i mí Mheán Fómhair 2019 nó ina dhiaidh sin beidh feidhm le sonraíocht Léann Clasaiceach na Sraithe Sóisearaí. Le tacú leis an tsonraíocht, cuirfear Treoirlínte Measúnaithe agus Samplaí d’Obair Scoláirí ar fáil. Cuirfear ar fáil iad ar www.curriculumonline.ie.

Tabharfar isteach an tsonraíocht le haghaidh Léann Clasaiceach na Sraithe Sóisearaí i scoileanna i mí Mheán Fómhair 2019. Cuireadh tús le forbairt na sonraíochta i mí Mheán Fómhair 2017. 

Déantar iniúchadh sa pháipéar cúlra agus sa tuarascáil chomhairliúcháin do Léann Clasaiceach na Sraithe Sóisearaí ar fhorbairt an ábhair sa tsraith shóisearach; leagtar béim ar dhea-chleachtas sa bhaile agus thar lear; agus úsáidtear taighde bunaithe ar fhianaise mar bhonn agus mar thaca d’athbhreithniú na sonraíochta.