Oideachas Ealaíon

Foghlaim tuilleadh

Tá taithí leathan ar na healaíona ina bunchuid do pháistí i rith na bunscolaíochta ar fad. Léiríonn agus síneann na hEalaíona tuiscint na bpáistí, a samhlaíocht agus a gcruthaitheacht trí réimse leathan eispéireas.

Is féidir le heispéiris den sórt sin aird gach páiste a tharraingt, inspioráid a thabhairt dóibh agus iad a shaibhriú, ag gríosú na samhlaíochta agus á spreagadh lena gcumas cruthaitheach agus a gcumas chun iad féin a chur in iúl a bhaint amach. Cuireann Ealaín, Drámaíocht agus Ceol deiseanna ar fáil d'eispéiris leathana sna healaíona, lena n-áirítear na hamharcealaíona, ealaíona na meán agus damhsa, a bhfuil ról luachmhar acu in eispéireas páistí ar an óige. Cuidíonn eispéiris den sórt sin leo páirt iomlán a ghlacadh ina bpobal agus sa tsochaí trí chéile.

Cé go bhfuil comhphróiseas cruthaitheach ag Ealaín, Drámaíocht agus Ceol, tá a chuid eolais, a choincheapa agus a scileanna féin ag gach ceann acu agus tá luach ann féin ag gach ceann acu. Trí leas a bhaint as níos mó ná ábhar amháin, is féidir foghlaim i bhfoirmeacha ealaíne eile a fheabhsú agus a fhorbairt trí chur chuige comhtháite maidir le hOideachas Ealaíon.

Cláraigh chun an nuacht is déanaí a fháil ar obair churaclaim agus mheasúnaithe agus ar imeachtaí ó CNCM.

Tá comhairliúchán oscailte anois ar an Dréachtsonraíocht Curaclaim Oideachais Ealaíon.

Dréachtsonraíocht Curaclaim Oideachais Ealaíon

Ba bhreá le CNCM d’aiseolas agus do thuairimí a chloisteáil. Chun tuilleadh eolais a fháil ar an gcomhairliúchán agus conas is féidir leat a bheith páirteach ann, téigh chuig ár leathanach comhairliúcháin tiomnaithe

Cuireann CNCM comhairle ar an Aire Oideachais faoi chúrsaí curaclaim agus measúnaithe don oideachas luathóige, do bhunscoileanna agus d’iar-bhunscoileanna. Mar chuid de na forbairtí níos leithne sa bhunscolaíocht, táthar ag súil le sonraíocht uasdátaithe le haghaidh Oideachas Ealaíon Bunscoile a chur i gcrích go luath in 2025.

Beidh ról lárnach ag an Meitheal Forbartha Oideachas Ealaíon Bunscoile san obair seo. Tá ionadaithe ar an Meitheal Forbartha ó réimse páirtithe leasmhara oideachais, lena n-áirítear comhlachtaí múinteoirí agus bainistíochta agus an Roinn Oideachais.

Le haghaidh níos mó eolais faoi phróisis forbartha an CNCM agus comhaltaí ar na meithleacha forbartha, tabhairt cuairt ar Bhoird agus Meithleacha Forbartha.

Is féidir rochtain a fháil ar nótaí cruinnithe ón Meitheal Forbartha Oideachas Ealaíon Bunscoile thíos.

Tá athbhreithniú litríochta déanta ag Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus Coláiste na Trionóide BÁC thar ceann an CNCM chun tacú le sonraíocht don réimse curaclaim seo. 

Thárla imeacht comhairliúcháin curaclaim dar teideal ‘Oideachas
Ealaíon agus Curaclam na Bunscoile’ in óstán i gCill Chainnigh ar an 26 Deireadh
Fómhair 2022. Rinne an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) agus Coláiste Ealaíon na Boirne an t-imeacht seo a chomheagrú. Is oiriúnú é an t-imeacht ar an múnla
Oideachas dár bPobail ar Scála Náisiúnta (BEACONS) arna fhorbairt ag an gComhairle Mhúinteoireachta, agus a bhí mar chuid de staidéar píolótach dar teideal Staidéar Píolótach ar Shamhail Rannpháirtíochta Pobail Scoile Áitiúil chun Bonn Eolais a chur faoi Cheapadh Polasaí Oideachais, le tacaíocht ón Eagraíocht um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta (ECFE).