Obair le Scoileanna - Chéim 1

Tuilleadh faisnéise ar Chéim 1

Tuilleadh faisnéise ar Chéim 1

Dhá chéim a bhí sa Tionscnamh um Chódú i mBunscoileanna. Bhí 15 bhunscoil páirteach i gCéim 1, agus díríodh ann ar a gcleachtas i leith an chódaithe a thaifeadadh. Ba é cuspóir foriomlán na hoibre sin a gcuid scéalta, samplaí de ghníomhaíochtaí ranga, agus cleachtais scoile uile a roinnt mar thacaíocht do scoileanna eile a bhfuil spéis acu sa réimse.

Chuir na samplaí sin bonn eolais faoi fhorbairt ábhar chun tacú le scoileanna eile agus iad ag cur tús le códú agus le smaointeoireacht ríomhaireachtúil mar chuid de Chéim 2 den tionscnamh.

Cuireadh tús le Céim 1 den tionscnamh i Meán Fómhair 2017 nuair a rinneadh gairm oscailte do scoileanna a raibh spéis acu a bheith páirteach.

Ba ghlacadóirí luatha iad na scoileanna sa chéim sin, nó bhí eolas agus taithí roimhe sin acu ar an gcódú agus ar an smaointeoireacht ríomhaireachtúil a theagasc sa bhunscoil.

Ghlac cúig scoil déag páirt ann. Ina measc, bhí scoil uirbeach DEIS, scoil tuaithe DEIS, scoil sa Ghaeltacht, gaelscoil, scoil ina bhfuil ranganna speisialta, scoil bheag tuaithe agus scoil mhór uirbeach.

Bhí réimse ranganna páirteach ann idir naíonáin bheaga agus rang a sé i seomraí éagsúla ilghrád agus gráid aonair.

Child working on a computer in class