Obair le Scoileanna - Chéim 2

Tuilleadh faisnéise ar Chéim 2

Tuilleadh faisnéise ar Chéim 2

Ba é aidhm Chéim 2 den tionscnamh taifead a dhéanamh ar thaithí múinteoirí a bhí ag tosú amach leis an gcódú agus leis an smaointeoireacht ríomhaireachtúil ina seomra ranga. Díríodh san obair freisin ar thuiscint a fháil ar na buntáistí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leis an gcódú agus an smaointeoireacht ríomhaireachtúil agus an ríomhaireacht fhisiciúil (códú inláimhsithe) a theagasc le cur chuige oideolaíoch bunaithe ar shúgradh agus ar thionscadail.

Úsáideadh Céim 1 mar bhonn eolais do Chéim 2. 25 scoil bhreise a bhí páirteach sa chéim sin, agus bhí siad díreach tar éis an códú agus an smaointeoireacht ríomhaireachtúil a thabhairt isteach ina seomraí ranga nó bhí siad ar tí é sin a dhéanamh.

Bhí an dara céim den tionscnamh ar siúl idir Bealtaine 2018 agus Feabhra 2019.

Múinteoirí nach raibh eolach ar an gcódú ná ar an smaointeoireacht ríomhaireachtúil nó múinteoirí a rinne an códú agus/nó an smaointeoireacht ríomhaireachtúil a theagasc ina rang roimhe sin.

Roghnaíodh 25 scoil chun páirt a ghlacadh ann. Ina measc, bhí scoil uirbeach DEIS, scoil tuaithe DEIS, scoil sa Ghaeltacht, gaelscoil, scoil ina bhfuil ranganna speisialta, scoil bheag tuaithe agus scoil mhór uirbeach.

Bhí réimse ranganna páirteach ann idir naíonáin bheaga agus rang a sé i seomraí éagsúla ilghrád agus gráid aonair.

Child working on a computer in class