Teanga

Foghlaim tuilleadh

Cuireann foghlaim teangacha ar chumas pháistí an domhan mórthimpeall orthu a thuiscint agus cumarsáid éifeachtach a dhéanamh le daoine eile. Is iomaí cineál cumarsáide atá ann is minic go mbíonn sí ilmhódach. Ach éagsúlacht mhór téacsanna a léamh, cothaítear tuiscint páistí do litríocht ó chultúir éagsúla agus an taitneamh a bhaineann siad aisti.

Cuireann teanga ar chumas páistí a bheith rannpháirteach ó thaobh na mothúchán de, go sóisialta, go cognaíoch, go samhlaíoch agus go haeistéitiúil i gcaidrimh agus in eispéiris chultúrtha. Ach deiseanna a chur ar fáil do pháistí a bheith cruthaitheach trí theanga, is mó seans a bheidh ann go mbainfidh siad taitneamh as a bheith ag foghlaim teanga.

Aithnítear sa churaclam na haistir foghlama teanga ar a bhfuil gach páiste sa Ghaeilge, sa Bhéarla agus i dteangacha eile. Lena chois sin tugann sé aitheantas d'éagsúlacht teangacha, Teanga Chomharthaíochta na hÉireann san áireamh, a úsáidtear i mbunscoileanna agus i scoileanna speisialta na hÉireann agus baintear leas as an éagsúlacht chéanna. Tacaítear le nuatheangacha iasachta a thabhairt isteach i gCéimeanna 3 agus 4 mar chuid d’athfhorbairt churaclam na bunscoile, ag tógáil diaidh ar ndiaidh ar an eolas agus feasacht ar theangacha agus cultúir atá ag páistí cheana féin agus ag dul ar aghaidh ó shamhail feasachta teanga go samhail inniúlachta i gCéim 4.

Cláraigh chun an nuacht is déanaí a fháil ar obair churaclaim agus mheasúnaithe agus ar imeachtaí ó CNCM.

Cuireann CNCM comhairle ar an Aire Oideachais faoi chúrsaí curaclaim agus measúnaithe don oideachas luathóige, do bhunscoileanna agus d’iar-bhunscoileanna. Mar chuid de na forbairtí níos leithne sa bhunscolaíocht, táthar ag súil le sonraíocht uasdátaithe le haghaidh oideachas Teanga a chur i gcrích go luath in 2025.

Beidh ról lárnach ag an Meitheal Forbartha Teanga Bhunscoile san obair seo. Tá ionadaithe ar an Meitheal Forbartha ó réimse páirtithe leasmhara oideachais, lena n-áirítear comhlachtaí múinteoirí agus bainistíochta agus an Roinn Oideachais.

Le haghaidh níos mó eolais faoi phróisis forbartha an CNCM agus comhaltaí ar na meithleacha forbartha, tabhairt cuairt ar Bhoird agus Meithleacha Forbartha.

Is féidir rochtain a fháil ar nótaí cruinnithe ón Meitheal Forbartha Teanga Bhunscoile thíos.

Mar chuid de Déanann Teangacha Nasc: Straitéis na hÉireann do Theangacha Iasachta san Oideachas 2017-2026 (An Roinn Oideachais, 2017), choimisiúnaigh an CNCM cáipéis eolais ar chomhtháthú féideartha na nuatheangacha iasachta i gcuraclam athfhorbartha na bunscoile. Léigh an cháipéis eolais anseo.