Curaclam Teanga na Bunscoile

Páipéir Taighde 2020:

Déanann na páipéir thaighde seo athbhreithniú ar Fhoghlaim agus ar Mhúinteoireacht na Gaeilge i scoileanna Meán Béarla i bhfianaise fhorbairt curaclaim agus beartais in Éirinn ó 1878-inniu. Déantar an t-athbhreithniú a chatagóiriú ina dhá chuid bunaithe ar na tréimhsí ama 1878-1971, agus 1971- i láthair. Scrúdaíonn na páipéir forbairt an cur chuige oideolaíoch comhaimseartha maidir le foghlaim dhara teanga, chomh maith le saincheisteanna a mbíonn tionchar acu ar fhoghlaim agus ar theagasc na Gaeilge, laistigh agus lasmuigh den seomra ranga thar an tréimhse ama seo.

Learning and Teaching Irish in English-Medium Schools Executive Summary for Parts 1 and 2

Learning and Teaching Irish in English-Medium Schools 1878-1971 (Part 1)

Learning and Teaching Irish in English-Medium Schools 1971-Present (Part 2)

Páipéir Taighde 2019: 

Cur chun cinn na Forbartha Teanga ó Bhéal sa Bhunscoil: Leagann an páipéar taighde seo béim ar thaighde suas chun dáta i réimse na forbartha teanga labhartha agus leagann sé béim ar oideolaíocht éifeachtach chun forbairt teanga labhartha a chur chun cinn sa bhunscoil.

Feabhas a chur ar Léamhthuiscint sna ranganna Bunscoile: Déanann an páipéar taighde seo cur síos ar a bhfuil i gceist le feabhas a chur ar thuiscint na léitheoireachta agus déanann sé moltaí chun páistí bunscoile a chumasú le bheith ina tuiscintí líofa.

Litearthacht Disciplín sa Bhunscoil: Is é cuspóir an pháipéir seo coincheap na litearthachta discipín a mhíniú, é a chur i gcomhthéacs laistigh den fhoghlaim litearthachta agus sraith moltaí a mholadh maidir le teagasc litearthachta disciplín i mbunscoil na hÉireann.

Oideolaíocht Scríbhneoireachta sna Ranganna Sinsearacha: Is é cuspóir an pháipéir seo ná athbhreithniú a dhéanamh ar thaighde agus ar chleachtas le déanaí maidir le hoideolaíocht na scríbhneoireachta agus aird a tharraingt ar phríomhmholtaí cleachtais.

Tuarascálacha taighde: Thíos tá Tuarascálacha Taighde agus podchraoltaí gaolmhara a thacaigh le forbairt an Churaclaim Teanga nua do bhunscoileanna:

Teagasc Teanga Éifeachtach: Sainaithniodh sa staidéar seo cleachtaidh a mheastar atá éifeachtach i gcomhair foghlaimeoirí dara teanga i gcomhthéacs cosúil le bunscoileanna in Éirinn.

Cliceáil anseo le do thoil chun rochtain a fháil ar shraith ábhar atá ar fáil chun tacú leis an gCuraclam Teanga Bunscoile.

Comhairliúchán ar an dréacht Curaclam Teanga na Bunscoile do rang trí go rang a sé

Bhí comhairliúchán poiblí ar an dréacht Churaclam Teanga na Bunscoile do rang trí go rang sé idir an 19 Feabhra agus 4 Bealtaine. D’úsáid an comhairliúchán réimse leathan struchtúir. Bhí ceistneoir ar líne, aighneachtaí scríofa, grúpaí fócais, seimineáir comhairleach, obair le scoileanna agus cruinnithe le páirtithe leasmhara san áireamh. Tharla comhairliúcháin suntasach leis na scoileanna, múinteoirí agus páistí ón Líonra Teanga Bunscoile. Ó Samhain 2017 agus Aibreáin 2018, bhí scoileanna timpeall na tíre ag pleanáil agus ag múineadh dréacht an churaclaim.

Ag tarraingt ar thoradh an chomhairliúcháin, leanfaidh obair ar aghaidh ar fhorbairt an churaclaim le béim ar cheithre chéim an tsonraíocht. Tá an curaclam ag tabhairt chun críche agus beidh sé ar fáil do scoileanna san Fhómhar 2019.

Ba mhaith leis an CNCM buíochas a ghabháil le gach uile dhuine ar chuidigh leis an bpróiseas comhairliúcháin. Do na príomhoidí agus múinteoirí sa líonra scoile, do gach aon duine a chríochnaigh ceistneoir ar líne, dóibh siúd a fhreastal ar sheimineár comhairliúcháin phoiblí agus do na grúpaí leasmhara páirtithe a chuidigh nó a éascaigh imeachtaí, go raibh maith agaibh do bhur gcuid ama agus aiseolas tomhaiste. Gheobhaidh tú sonraí maidir leis an bpróiseas comhairliúcháin agus torthaí i roinn foilseachán ar ár suíomh agus anseo. 

Comhairliúchán ar dhréacht-Churaclam Teanga na Bunscoile/draft Primary Language Curriculum do naíonáon shóisearacha go rang a dó:

Reáchtáladh an comhairliúchán ar an dréacht-churaclam do naíonáin shóisearacha go rang a dó in Earrach 2014. Gheobhaidh tú sonraí maidir leis an bpróiseas comhairliúcháin agus torthaí i roinn foilseachán ar ár suíomh anseo.