Teimpléad Cárta Tuairiscithe / Cruthaitheoir

Tá tacaíocht ar fáil sa roinn seo do scoileanna agus do thuismitheoirí i dtuairisciú i mbunscoileanna. Cuireann sé nasc ar fáil chomh maith chuig an Uirlis Cruthaitheoir Cárta Tuairiscithe ar líne, agus chuig teimpléid is féidir eagarthóireacht a dhéanamh orthu i gcomhair úsáide ag scoileanna.

Is féidir na teimpléid seo a leanas (1-12) a úsáid chun tuairisciú ó naíonáin shóisearacha go dtí an lár téarma i rang a cúig.

*D’fhéadfadh teimpléid 10, 11 agus 12 a bheith an-úsáideach do leanaí atá ag obair faoi láthair ar phleananna tacaíochta sa bhunscoil.

Is féidir leat na teimpléid na a athrú trí úsáid a bhaint as bogearraí saor in aisce Adobe Reader (www.adobe.com/reader).

Ó 2014/2015 amach, tá sé de riachtanas ar scoileanna úsáid a bhaint as Cárta Tuairiscithe 6ú Ranga deireadh bliana. Forbraíodh an cárta tuairiscithe chun tacú le cuspóir dhá fheidhm i dtuairisciú chuig tuismitheoirí agus aistriú faisnéise ar scoláirí chuig iar-bhunscoileanna.


Is cuid d’ábhair an Phas Oideachais é an cárta tuairisciú a forbraíodh chun tacú le scoileanna faisnéis maidir le foghlaim na bpáistí a chomhroinn leis na hiar-bhunscoileanna ábhartha.

Tacaíonn an Cruthaitheoir Cárta Tuairiscithe le do scoil do chárta tuairiscithe féin a chruthú i seacht gcéim shimplí.

 

Scéalta ó scoileanna

Faigh amach faoi conas a d’úsáid scoileanna an Cruthaitheoir Cárta Tuairiscithe agus na teimpléid cárta tuairiscithe

Cártaí tuairiscithe samplacha

Comhroinn do chárta tuairiscithe líonta isteach ar an leathanach seo trí é a sheoladh chuig reportcard@ncca.ie.

Seo thíos tá cúpla sampla de chártaí tuairiscithe ar fud réimse cineálacha scoileanna: