Molfeasa Research Alive

Conas gur féidir tacú le múinteoirí a gcleachtas a cheangal le taighde agus le taighdeoirí agus múinteoirí eile?


Tá an cheist seo i gceartlár na hoibre ag trí eagraíocht náisiúnta, an Lárionad do Sheirbhísí Éifeachtacha (CES), an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) agus an Chomhairle Mhúinteoireachta – Meitheal Taighde Beo.

#molfeasa

Ciallaíonn an téarma Gaeilge "mol feasa" "croílár na heagna/an eolais/na foghlama". Bainimid úsáid as an haischlib seo ar na meáin shóisialta chun úsáid taighde a chur chun cinn maidir le teagasc agus foghlaim. Díríonn sé ar léirmhíniú leathan taighde, lena n-áirítear taighde acadúil agus taighde feidhmeach agus tarraingeoidh sé as saothar agus smaointe taighdeoirí-múinteoirí agus daoine atá ag obair mar thaighdeoirí araon.

Molfeasa.ie circular diagram

Gníomhartha go dtí seo

2017: Márta – lá foghlama comhroinnte Múinteoirí agus Taighde

2015: Márta - Tairiscint do Molfeasa foilsithe ar an suíomh gréasáin do ríomhthairiscintí

2014: Tairiscint a Fhorbairt do Molfeasa, mol eolais ar líne do mhúinteoirí

2013: Comhdháil um Taighde Beo agus foráil ag an gComhairle Mhúinteoireachta maidir le rochtain ar an bpacáiste Foinse Oideachais EBSCO i ndáil le gach múinteoir cláraithe.

2012: Suirbhé do mhúinteoirí (rochtain ar thaighde agus rannpháirtíocht le taighde)