Ár struchtúir

Comhairle, Boird agus Grúpaí Forbartha

NCCA Corporate Infographic in Irish

Comhairle

Is struchtúr ionadaíoch de chuid an CNCM é an Chomhairle 25 ball. Chun tuilleadh eolais a fháil faoin gComhairle, cliceáil anseo.


Boird

I struchtúr reatha an CNCM, déanann Boird maoirseacht ar an obair churaclaim agus mheasúnaithe sa luath-óige agus sa bhunscoil, sa tsraith shóisearach agus sa tsraith shinsearach. Le haghaidh tuilleadh eolais ar na Boird, cliceáil anseo.


Grúpaí Forbartha

Bonn láidir, ionadaíoch agus freagrúil a chur ar fáil dá obair churaclaim agus forbartha, tá Grúpaí Forbartha bunaithe ag an CNCM chun tabhairt faoi thascanna ar leith i réimsí nó in ábhair churaclaim. Chun tuilleadh eolais a fháil faoi na Grúpaí Forbartha, cliceáil anseo.

Príomhoifigeach Feidhmiúcháin

Is í Arlene Forster Príomhoifigeach Feidhmiúcháin na Comhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM).
Bhain Arlene céim amach ó Choláiste Ollscoile an tSrutháin Mhilis, agus ba mar mhúinteoir bunscoile a thosaigh sí a gairm beatha. Tá taithí múinteoireachta aici ag gach leibhéal ranga, d’oibrigh sí i suíomhanna ilghráid agus gráid aonair, agus chuir sí le forbairt scoile agus curaclaim mar chuid den fhoireann meánbhainistíochta. Tar éis di a cuid staidéir iarchéime a thabhairt go ceann scríbe sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, thosaigh Arlene le CNCM in 2001. Ina róil mar Oifigeach Oideachais (2001-2002), Stiúrthóir (2003-2015) agus Leas–Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin (2016-2020), bhí sí ar cheann na hoibre i réimsí amhail athbhreithniú curaclaim, measúnú, tuairisciú chuig tuismitheoirí, teanga, matamaitic, eolaíocht agus Aistear: Creatchuraclam na Luath-óige a fhorbairt. Ceapadh Arlene ina Príomhoifigeach Feidhmiúcháin ag deireadh na bliana 2020.

Is é ról an Phríomhoifigigh Fheidhmiúcháin ná fís, ceannasaíocht straitéiseach agus bainistíocht éifeachtach a thabhairt d’obair an CNCM le cinntiú go gcomhlíonfaidh sí a cuid feidhmeanna go héifeachtach agus go n-uasmhéadóidh sí an tionchar atá aici maidir le caighdeán na taithí oideachais ag gach scoláire a mhéadú.

Is féidir teagmháil a dhéanamh le hArlene ag: ceo@ncca.ie

Leas-Phríomhfheidhmeannaigh

Bíonn ról lárnach ag an mbeirt Leas-Phríomhoifigigh Fheidhmiúcháin i ndáil leis na dualgais seo a leanas: obair an Phríomhoifigigh Fheidhmiúcháin maidir leis an bPlean Straitéiseach a chur ar fáil a threorú agus a thabhairt chun cinn, baill foirne a bhainistiú agus dul i gcomhairle le páirtithe leasmhara. Déanann siad obair na stiúrthóirí agus na n-oifigeach oideachais lánaimseartha agus páirtaimseartha a bhainistiú agus a chomhordú. Molann siad líonraí náisiúnta agus idirnáisiúnta, taighde agus tionscnaimh fhorbartha agus bíonn siad ag déanamh monatóireachta agus ag tuairisciú orthu. Téann siad i dteagmháil leis na meáin agus leis an bpobal i gcoitinne le tuiscint ar agus rannpháirtíocht leis an obair a dhéanann CNCM a chur chun cinn.

Ceann na seirbhísí corparáideacha

Tá Ceann na Seirbhísí Corparáideacha freagrach as feidhmeanna sheirbhísí corparáideacha na CNCM a threorú, a bhainistiú agus a fhorbairt, agus bíonn siad freagrach as obair a bhaineann le cúrsaí airgeadais, acmhainní daonna agus cúrsaí oibríochta.

An Feidhmeannas

Tá foireann feidhmiúcháin lánaimseartha ag an CNCM faoi láthair faoi stiúir an Phríomhfheidhmeannaigh.

NCCA Organisational Chart in Irish

Stiúrthóirí
Bíonn ról lárnach ag foireann na Stiúrthóirí i ndáil leis na dualgais seo a leanas: obair an Phríomhoifigigh Fheidhmiúcháin maidir leis an bPlean Straitéiseach a chur ar fáil a threorú agus a thabhairt chun cinn, baill foirne a bhainistiú agus dul i gcomhairle le páirtithe leasmhara. Comhordaíonn agus tacaíonn siad leis an obair a dhéanann na hOifigigh Oideachais, na foirne agus na Meithleacha Forbartha nó Boird a oibríonn sna réimsí a bhfuil siad freagrach astu. Oibríonn siad le foireann na seirbhísí corparáideacha agus pléann siad le ceisteanna agus iarratais ón earnáil oideachais, ó na meáin agus ón bpobal i gcoitinne. Téann siad i dteagmháil le líonraí náisiúnta agus idirnáisiúnta, taighdeoirí agus scoláirí chun tacú leis an obair a dhéanann siad.


Oifigigh Oideachais
Cuidíonn na hOifigigh Oideachais lánaimseartha agus páirtaimseartha leis an bpríomhoifigeach chun an Plean Straitéiseach a sholáthar. Mar aon leis an obair a dhéanann siad leis na hOifigigh Oideachais ar thionscadail churaclaim agus mheasúnaithe eile, oibríonn siad leis an bhfoireann seirbhísí corparáideacha agus le líonraí náisiúnta agus idirnáisiúnta, taighdeoirí, comhairleoirí agus saineolaithe chun tacú lena gcuid oibre. Pléann siad le fiosruithe agus iarratais ón earnáil oideachais agus ón bpobal i gcoitinne de réir mar a thagann siad chun cinn.


Seirbhís Chorparáideach
Is tacaíocht inmheánach iad Seirbhísí Corparáideacha i réimsí an airgeadais, na n-acmhainní daonna agus na n-oibríochtaí.