Oideachas don Fhorbairt Inbhuanaithe

Trasearnála

13 Deireadh Fómhair, 2021

Oideachas don Fhorbairt Inbhuanaithe

Leagann tuarascáil an Phainéil Idir-Rialtasaigh ar an Athrú Aeráide ó Lúnasa 2021 béim ar thábhacht OFI. Tugann an tuarascáil foláireamh go bhfuil an t-athrú aeráide go forleathan, go bhfuil sé gasta agus go bhfuil sé ag éirí níos measa, cé go bhféadfadh laghdú leanúnach ar astaíochtaí srian a chur leis. Leanann EOECNA lena iarrachtaí leanúnacha chun OFI a chur chun cinn le spriocanna Clár Oibre na Náisiún Aontaithe 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe a bhaint amach. 

Cuireann CNCM réimse tacaíochta curaclaim ar fáil do OFI, ina measc na rudaí seo a leanas.

- Aithníonn Tuairisc CNCM 2018 deiseanna chun cleachtas reatha OFI a fhorbairt agus naisc fhéideartha idir ábhair i mbunscoileanna agus iar-bhunscoileanna, agus téamaí i gcreat Déanann sé cur síos ar an tslí a dtagann torthaí foghlama samplacha le spriocanna um fhorbairt inbhuanaithe.

- Baineann an fhoghlaim allamuigh le OFI, rud a chuireann deiseanna ar fáil chun nasc a dhéanamh idir an fhoghlaim agus an timpeallacht áitiúil. Tá sraith seimineár gréasáin foilsithe ag CNCM maidir leis An fhoghlaim allamuigh sa bhunscoil.

- Tá samplaí de shaothar scoláirí le fáil ar fud ábhair na sraithe sóisearaí chun tacú le forbairt ghairmiúil na múinteoirí (m.sh. san Eolaíocht, sa Staidéar Gnó, agus i dTíreolaíocht), agus baineann go leor acu seo le OFI.