Ullmhúchán i gcomhair Teagaisc agus Foghlama

Bunscoil

13 Deireadh Fómhair, 2021

Ullmhúchán i gcomhair Teagaisc agus Foghlama

Seoladh Ullmhúchán don Teagasc agus don Fhoghlaim - Treoir do gach Bunscoil agus Scoil Speisialta mí Aibreáin seo caite. Tá sé de sprioc ag an treoir seo

  • an fócas ar pháipéarachas a laghdú
  • na gnéithe den ullmhúchán nach bhfeictear a aithint
  • a shoiléiriú do mhúinteoirí cén chaoi lena n-ullmhúchán a thaispeáint
  • aird a tharraingt ar na tacaíochtaí atá ar fáil.

Ó seoladh an treoir, tá tacaíocht iarrtha ag múinteoirí agus ag ceannairí scoile maidir leis an gcaoi na treoirlínte nua seo a chur i bhfeidhm ina gcuid oibre. Mar fhreagra air seo, tá cúpla cás gearr déanta amach ag CNCM, PDST, An Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta agus an Chigireacht mar shampla. 

Tugtar sna cásanna seo samplaí praiticiúla den chuma a bheadh ar ullmhúchán don teagasc agus don fhoghlaim i réimse leathan suíomhanna agus comhthéacsanna scoile. Cuirtear an bhéim ar ullmhúchán atá úsáideach, solúbtha agus gonta. Tá an chéad cheann de na tacaíochtaí seo ar fáil ar https://ncca.ie/ga/bunscoil/ullmh%C3%BAch%C3%A1n/, agus cuirfear cásanna samplacha eile leis sna seachtainí amach romhainn.